Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..
Gach Satharn tagann grúpa le chéile 1:30 in áiteanna éagsúla chun siúlóid breá a bheith againn, agus ár nGaeilge a úsáid, a bhfeabhsú, a spreagadh.
Roghnaítear áiteanna éagsúla ar nós Pháirc an Fhionnuisce, Páirc Naomh Caitríona Leamhcán, Cnoc na Teamhrach, ar an gcanál, áiteanna stáiriúla freisin.
Bíonn sos maith againn i lár na siúlóide, agus a lán comhrá agus craic le chéile gan aon bhrú.
Ar ais go dtí Páirc an Fhionnuisce an Satharn seo, ag teacht le chéile laistigh de gheataí Chaislean Chnuca sa pháirc, ag dul i dtreo an ionaid chuairteoirí, scíth a ligint ansin agus cabaireacht le cheile ansin ar feadh tamaillín,  agus ag filleadh ar ais gan stró tar éis an sos.
Beidh m'fhear céile , John Cuffe, i gceannas an siúlóid seo mar tá cúramaí teaghlaigh agam faraor, ach beidh mé ag smaoineamh oraibh, ag baint taitneamh as an earrach faoi áileacht na páirce!
Aon cheist , cuir glaoch ar Caitlín 087 2509764 nó John 087 2261596.
Níl aon bhallraíocht i gceist, nó obair bhaile! Níl gá ar éinne a bheith líofa Ach amháin an dúil sult a bhaint as ár dteanga dúchais agus í a bhfeabhsú, a scilleanna a mhéadú de réir a chéile gan stró, agus bróga oiriúnacha ar ndóigh! 
Seol ríomhphost chuig Caitlín ar siulachscealach15@gmail.com chun níos mó eolais a fháil
Read 110 times
Rate this item
(0 votes)