Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Céard í Bliain na Gaeilge?

Déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith le linn Bhliain na Gaeilge 2018: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí.

  • Déanfar tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh.

  • Tá féilire d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail ar fud an domhain beartaithe do 2018. Cuirfear le líon na n-imeachtaí i rith na bliana, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018.

  • Déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, úinéireacht roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal.

  • Spreagfar rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus tabharfar aitheantas don obair atá idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn.

  • Aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, spreagfar próifíl agus mórtas a bpobail, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, len iad a chosaint agus a neartú.