Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
                                                                    
Labhair Foireann PEIG.ie le Niamh O Regan le déanaí faoina ról ag plé leis na meáin shóisilata agus faoi na deiseanna atá amuigh ansin do chainteoirí Gaeilge sa tír.

Cad is ainm duit?

Niamh O Regan

Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

Earnáil na meán sóisialta agus miondíolachán ar líne

Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

Rinne mé staidéar ar an nGaeilge do mo chéim, agus bhí fonn orm leanúint ar aghaidh á húsáid agus mé ag obair, ionas go mbeadh an deis agam fós, an Ghaeilge a labhairt gach lá agus an Ghaeilge a chur chun cinn fad is mé i mbun oibre. Tugann sé áthas dom an Ghaeilge a úsáid, mothaím níos fearr ar na laethanta a úsáidim Gaeilge. Braithim ar nós go bhfuil níos mó fuinnimh agam théis Gaeilge a labhairt.

Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

Chaith mé an chuid is mó de m'oideachas bunscoile thar lear, agus mar sin níor thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i gceart go dtí go raibh mé naoi mbliana d'aois. Nuair a d'fhill mé, bhí múinteoir den scoth agam i mo bhunscoil, a thug uair breise de ranganna Gaeilge dom gach aon seachtain ar feadh na scoilbhliana agus faoi deireadh bhí an leibhéal céanna agam leis na daltaí eile i mo rang. Ó shin d'fhreastail mé ar mheánscoil lánghaelach agus rinne mé staidéar ar an nGaeilge mar cuid de mo chéim, i gcomhpháirt leis an bpolaitíocht.

Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

An saoirse a bhíonn agam leis; is féidir mórán feachtas a chur chun cinn thar na meáin shóisialta, agus iad a athrú go rialta, agus tá saoirse iomlán agam leis na feachtais atá fonn orm a thriail.

An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

Bíonn. Labhraím Gaeilge le Gaeilgeoirí mo chlainne, le mo chairde ó mo chéim agus ó mo scoil. Freastalaím ó am go chéile ar an bPop Up Gaeltacht agus ar an gClub ar Shráid Fhearcair. Chomh maith leis sin bím ag léamh as Gaeilge, agus déanaim beagáinín scríbhneoireachta as Gaeilge. Déanaim mo dhícheall an leagan Gaeilge a roghnú ar shuíomhanna idirlíne agus ar an ATM chomh maith.

Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

Bíonn orm na fógraí ar fad ar na meáin shóisialta éagsúla a chur amach, glaochanna a chur ar iarchustaiméirí, labhairt le hollscoileanna lasmuigh d'Éirinn a dhéanann ranganna as Gaeilge. Léitheoireacht agus litríocht na Gaeilge a chur chun cinn timpeall an domhain ar fad.

Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

Ná héistigí leo siúd a déarfadh nach bhfuil postanna ann; tá. Déan cleachtadh ar do chuid Gaeilge chomh minic agus is féidir. Anuas air sin bain úsáid as na deiseanna atá ann an Ghaeilge a úsáid; idir Facebook a bheith as Gaeilge, tvuíteáil as Gaeilge, déan clár raidió nó éist le podchraoladh as Gaeilge. Tá na deiseanna ann!