Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
 

Labhair muid leis an Dr Caitlín Nic Íomhair faoina taithí a bheith ag obair go lánaimseartha leis an nGaeilge agus thug sí léargas dúinn ar thábhacht na teanga di go pearsanta agus dúinn uilig mar lucht a cainte.


Cad is ainm duit?

An Dr Caitlín Nic Íomhair


Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

Tá mé i mo bhainisteoir ar shiopa leabhar.

Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

Chaith mé dua ag foghlaim na teanga agus bhí mé faoi dhraíocht aici ón tús. Ní bhfuair mé mo sháith di fós, go mór mór an taobh cultúrtha den teanga. Is doiligh a chreidbheáil gur éirigh le teanga mhionlaithe an oiread scríbhneoiri agus ceoltóirí iontacha a chothú. Theastaigh uaim an dea-scéal a scaipeadh, mar chritic agus mar mhúinteoir ar dtús, agus anois mar Chaitlín an tSiopa!

Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

Is dócha go bhfuil mo 'thuras teanga' rud beag éagsúil ó roinnt mhaith daoine eile atá ag obair trí mheán na teanga sa mhéid is nach raibh focal i mo phluc agam go dtí go raibh mé timpeall fiche nó fiche haon. Is as an tuaisceart mé agus tógadh i gceantar mé nár aithin an teanga in aon dóigh. Bhí sé an-deacair go deo teacht ar ranganna ag an tús agus sa deireadh chinn mé theacht go Baile Átha Cliath len í a fhoghlaim go lánaimseartha. Rinne mé céim sa Léann Éireannach ar dtús agus ansin PhD sa Léann Ceilteach i gColáiste na Tríonóide. Bhain mé sult as achan uile soicind dó (seachas scrúduithe).


Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

Is breá liom nuair a thig teaghlaigh óga isteach ag spalpadh na Gaeilge. Bíonn atmaisféar faoi leith ag pointe le seoladh maith leabhair. Thar rud ar bith eile, is pribhléid í go bhfaighim an deis foghlaimeoiri a mhisniú agus a threorú agus iad ag pilleadh ar an teanga. Tógann sé mo chroí nuair a fhágann siad an siopa le níos mó uchtaigh agus misnigh ná nuair a shiúil siad isteach.


An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

Tá sé saoithiúil. Mairim trí mheán na Gaeilge b'fhéidir 85% den lá. Bím ag éisteacht le RnaG, bim ag comhrá le Gaeil i bhfad i gcéin ar Twitter agus Facebook ní labhraíonn muid Béarla san obair agus tá Gaeilge ag nach mór mo chairde ar fad, ach is Béarla amháin atá ag mo mhuintir féin. Is cuimhin liom sórt 'culture shock' nuair a bhínn ar an ollscoil, go mbeinn sáite sa Bhéarla athuair agus mé sa bhaile le linn na saoire. Bhraith mé cumha agus d'éirigh mé 'rusty' go gasta, ach d'aimsigh mé bealaí - go mór mór an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht - le mo Ghaeltacht phríobháideach féin a iompar thart liom agus ni mhothaím cumha níos mó.


Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

Bím freagrach as leabhair a dhíol agus a dháileadh, súil a choinneáil ar an teacht isteach agus an caiteachas, pleananna margaíochta agus díolacháin a leagan síos, cumarsáid rialta a dhéanamh leis an 'mhargadh', seoltaí agus imeachtaí eile a eagrú sa siopa. Bíonn an obair dian ach taitneamhach.


Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

Déan é! Tum tú féin isteach i ndomhan na Gaeilge. Bí á léamh, á scríobh is á labhairt. Éist léi. Labhair leat féin, labhair leis na peataí, cleachtaigh. Cuir barr feabhais ar do scileanna teanga agus cumarsáide agus bí i do chrann taca ag foghlaimeoirí i gcónaí. Oibrigh go dian ar do chruinneas agus do líofacht agus bí bródúil asat féin agus d'oidhreacht uasal. Bí feiceálach, misniúil agus dearfach. Tacaigh le Gaeil agus le foghlaimeoirí agus never, ever read the comments faoi ailt ar an Ghaeilge sna nuachtáin!