Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge

Déan taighde ar an gcomhlacht

An eagraíocht Ghaeilge iad? An comhlacht idirnáisiúnta iad? An bhfuil baint acu leis an Aontas Eorpach? Ba chóir duit i gcónaí an-chuid taighde a dhéanamh ar an eagraíocht nó comhlacht atá ag tairiscint an agallaimh duit. Is ceist í a chuirtear go minic in agallaimh ‘Cad a cheapann tú faoin obair atá idir lámha againn?’ Más féidir leat léiriú go bhfuil an-tuiscint agus cur amach agat ar an eagras atá i gceist, rachaidh sé sin i bhfeidhm ar na hagallóirí. Is fiú am a chur ar fáil duit féin ar mhaithe le léitheoireacht a dhéanamh ar stair an eagrais mar aon lena staid sa lá atá inniu ann.

Déan anailís ar an bpost

Is fiú go mór díriú isteach ar céard é go díreach a bhaineann leis an bpost atá i gceist. Léigh tríd na riachtanais atá le feiceáil ar an bhfógra: cad iad na scileanna oiriúnacha atá agat atá luaite air? An bhfuil gné den phost a bhfuil saineolas agat inti? An bhfuil baint ag aon chuid de na dualgais le ról a bhí agat roimhe seo? Is iomaí cineál anailíse gur féidir déanamh chun cinntiú go bhfuil tú réidh agus ullamh sula leagann tú cos sa seomra agallaimh. Molaimid duit nótaí a bhreacadh síos ionas go mbeidh tú in ann breathnú ar na rudaí is fearr le rá agat.

Cuir seicliosta cuimsitheach le chéile

Agus tú ag ullmhú d’agallamh, tá an-chuid gnéithe éagsúla le plé leo, idir rudaí luaite ar an liosta seo agus rudaí praiticiúla eile: an bhfuil turas fada le déanamh ar maidin an agallaimh, nó an mbeidh ort leathlá a ghlacadh ó phost eile, cuir i gcás. Beidh gach rud níos éasca agus seicliosta agat. Cuireann sé ord agus eagar ar do chuid ullmhúcháin agus ar na gnéithe eile a bhaineann leis an agallamh. Beidh faoiseamh ort nach bhfuil dearmad déanta agat ar na mionrudaí agus tugann sé an deis duit a bheith níos compordaí agus lá an agallaimh ag druidim leat.

Caith éadaí oiriúnacha

Ba chóir am a chur ar leataobh ar mhaithe le do chuid éadaí a ullmhú. Tá méid ama teoranta agat tú féin a chur i láthair do na hagallóirí agus tugann éadaí deis duit léiriú conas chomh dáiríre is atá tú faoin bpost. Bí cinnte go gcaitheann tú éadaí néata agus snasta, mar aon le héadaí a mbíonn tú ar do chompord iontu. Cinntigh go bhfuil na héadaí a bheidh á gcaitheamh agat glan agus iarnáilte agus go mbíonn cuma phroifisiúnta orthu. Má cheapann tú go bhfuil ball éadaigh áirithe píosa beag róbheag nó rómhór, b’fhearr é a sheachaint.

Smaoinigh faoi na deiseanna ardú céime

Caithfear a bheith ag smaoineamh chun cinn agus tú ag ullmhú do do chuid agallamh. An luaitear aon rud faoi dheiseanna ardú céime i sonraí fhógra an phoist? An bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh poist eile ar fáil san eagras nuair a thagann deireadh le do chonradh? Más maith leat gairm a bheith agat in earnáil ar leith, is fiú machnamh a dhéanamh ar na deiseanna a nochtfar duit sa todhchaí. Chomh maith leis sin bíonn ceisteanna againn uilig faoi chúrsaí airgid. Má tá tú in amhras faoin tuarastal, is fiú i gcónaí an mata a dhéanamh: an mbeidh mé in ann maireachtáil go compordach leis an méid seo airgid? Cuir do chuid taistil agus do chuid chíosa san áireamh.

Bí aireach ar an gclog agus ar do chuid cainte

Agus tú san agallamh é féin, ba chóir súil leanúnach a choimeád ar an am. Má tá cur i láthair nó tasc le déanamh agat lena linn, bí cinnte nach ritheann tú thar an méid ama atá curtha ar leataobh dó. Léiríonn sé seo an díogras atá agat agus go bhfuil tú in ann cloí le rialacha atá leagtha amach duit roimh ré. Bain úsáid as uaireadóir agus tú ag cleachtadh chun an t-am a thomhas. Is ionann an cur chuige i gcás ceisteanna a fhreagairt chomh maith; déan do dhícheall an bleadar agus an béarlagair a sheachaint do i chuid freagraí agus ná téigh ar seachrán leo. Más féidir leat freagra díreach gonta a thabhairt ar cheist atá curtha ort, léiríonn sé sin muinín agus compord do na hagallóirí agus gur féidir leat a bheith beacht agus cruinn i do chuid oibre. 

Tá tacaíochtaí fostaíochta curtha le chéile ag PEIG.ie dóibh siúd atá ar thóir post leis an nGaeilge.

Brúigh anseo leis na folúntais Ghaeilge is déanaí a fheiceáil nó anseo le CV samplach Gaeilge a fheiceáil