Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bíonn a mbaill foirne ag athrú go rialta

Is iomaí naíonra atá ar an bhfód sa lá atá inniu ann ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide. Bíonn éagsúlacht fostaithe á lorg acu, idir chúntóirí, cheannairí ar sheomraí agus bhainisteoirí. Bíonn cáilaíocht i gCuram Leanaí de dhíth do fhormhór na ról.

Is ar bhonn reatha a bhíonn na naíonraí ag earcú, go háirithe ag tús na scoilbhliana aimsir an fhómhair. I láthair na huaire tá folúntais i naíonraí Gaeilge i gCorcaigh, Cluain Meala, Baile Átha Cliath agus Biorra.

 

Pléann siad na réimsí feasachta, cultúir agus oideachais

Is comhlacht poiblí é Foras na Gaeilge a thugann maoiniú do shé ceanneagríochta Gaeilge ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn fud fad oileán na hÉireann. Is iad Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus Gaeloideachas. Is mionmhinic go mbíonn na heagraíochtaí seo i mbun eacraíochta mar aon le Foras na Gaeilge é féin.

Toisc go gcuimsíonn siad réimse leathan oibre, braitheann na cineálacha post go mór ar cén eagraíocht atá i gceist. Faoi láthair, mar shampla, tá Conradh na Gaeilge sa tóir ar Fheidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais dá bhfoireann. Ar ndóigh, tá ardchaighdeán Gaeilge de dhíth mas maith leat ról le ceann de na ceanneagraíochtaí a bhaint amach.

 

Tá éileamh ar dhaoine atá tiomanta d'oideachas trí Ghaeilge

Tá an-chuid gnóanna agus eagraíochtaí le Gaeilge in Éirinn i láthair na huaire a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais agus múinteoireachta. Go háirithe i gcás na n-ollscoileanna agus na ngrúpaí óige, bíonn tóir leanúnach ar dhaoine a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge.

Bíonn coláistí samhraidh ag earcú múinteoirí gach samhradh agus bíonn teagascóirí á lorg ag ollscoileanna ag tús gach seimeastar nua. Má tá bua agat sa mhúinteoireacht agus líofacht sa Ghaeilge, tá iliomad deiseanna amuigh ansin duit. Faoi láthair tá Hibernia College i Baile Átha Cliath sa tóir ar theagascóirí Gaeilge mar aon le Feachtas atá ag lorg ceannairí ógra deonacha dá gclubanna óige.

 

Glactar le haon iarratas do phost sa státseirbhís i mBéarla agus i nGaeilge

Is í an Státseirbhís an fostóir is mó in Éirinn. Faoi réir an dlí tá sé de dhualgas uirthu daoine le Gaeilge a earcú le seirbhísí stáit a chur ar fáil do chainteoirí na teanga. Fógraítear na poist sa státseirbhís uilig ar PublicJobs.ie, áit inar féidir eolas agus sonraí faoi fholúntais dá gcuid a fháil as Gaeilge.

Feictear ar líofacht sa Ghaeilge mar bhuntáiste agus tú ag cur isteach ar phost sa státseirbhís, agus tá plé sna meáin le déanaí go bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag 20% do na fostaithe nua a thagann isteach sna blianta amach romhainn. Ar ndóigh, tá an-chuid eagraíochtaí stáit faoi réim na státseirbhíse, ag plé le réimsí oibre in earnálacha éagsúla. Caith súil ar na folúntais atá acu anseo, agus bí cinnte go luann tú do líofacht sa Ghaeilge ar d’’iarratas.

 

Bíonn na poist seo uilig lonnaithe sna Gaeltachtaí

Faoi láthair tá 26 Limistéir Pleanála Teanga fud fad na nGaeltachtaí in Éirinn. Sna limistéir seo bíonn coiste pleanála teanga i gceannas ar fheidhmiú agus ar ghníomhú an plean teanga atá leagtha síos don cheantar atá i gceist. Mar sin, bíonn fostaithe á lorg ag na coistí ar mhaithe leis an bplean a chur i bhfeidhm agus leis an nGaeilge a chur chun cinn sa cheantar trí chéile.

Is ar bhonn minice go mbíonn oifigigh pleanála teanga á lorg leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh. Faoi láthair tá fostaithe á lorg le bheith ag plé leis an bpleanáil teanga ar an Eachréidh agus sna Déise.

 

Ní comhlachtaí Éireannacha amháin a bhíonn sa tóir ar chainteoirí Gaeilge

Tá roinnt comhlachtaí príobháideacha in Éirinn a bhíonn i dteagmháil le muintir na Gaeltachta agus le daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Bíonn cainteoirí na teanga ag teastáil ó chuid acu le freastal ar an gceatadán sin a bhíonn ag baint úsáid reatha as an nGaeilge. Is minic go ndéantar tagairt don Ghaeilge mar ‘bhuntáiste breise’ dóibh siúd a sheolann iarratas isteach, agus uaireanta bíonn an Ghaeilge ag teastáil más tionscanamh ar leith atá i gceist, leis an aistriúchán cuir i gcás.

Tá réimse leathan folúntas le comhlachtaí príobháideacha fógartha i láthair na huaire, ceann acu a bhaineann le cúrsaí léarscáilíochta agus eile ceann le comhlacht earcaíochta. Is fiú súil a chaitheamh orthu inniu - seans go mbeidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid agus a bheith ag obair le comhlacht mór idirnáisiúnta.

An bhfuil tú ag smaoineamh ar cur isteach do phost le Gaeilge? Caith súil ar CV samplach anseo agus ar chomarile agallaimh anseo.