Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Deirtear gurb é an deireadh seachtaine is mó i bhféilire na nGael. Deireadh seachtaine lán le scléip, scóp agus draíocht. Am a thagann Gaeil ó gach cearn den tír le chéile chun cultúr, traidisiún agus oidhreacht na Gaeilge a cheiliúradh. Seo chugainn Oireachtas na Samhna.

Beidh PEIG.ie i measc na nGael tríd an deireadh seachtaine ar fad, agus beidh iliomad deiseanna ann freastal ar imeachtaí bisiúla ar gach lá den fhéile. Seo daoibh ár rogha de na rudaí is suimiúla a bheidh ag titim amach le linn Oireachtas na Samhna 2018.

Buaicphointe an Oireachtais do roinnt daoine é comórtas Chorn Uí Riada a thitfidh amach ag 7in san INEC ar an Satharn. Amhránaíocht ar an Sean-Nós atá i gceist le Corn Uí Riada ina mealltar scoth na n-amhránaithe le dul san iomaíocht ann.

Bhí an bua ag fear Chúil Aodha Conchuabhar Ó Luasa anuraidh. Seo físeán dó ag rá ‘Na Táilliúrí’. Más é do chéad uair ag an Oireachtas, ná caill amach ar Chorn Uí Riada. Imeacht é a bhfuil sé deacair dearmad a dhéanamh air.

Moltar a bheith i mbun aclaíocht ghníomhach ar a laghad uair amháin gach seachtain. Tá lucht eagraithe Oireachtas na Samhna ar an eolas faoin riachtanas tábhachtach seo agus tá imeacht le cur ar siúl acu chun é a chumasú.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu a bheith ag rith go luath ar maidin tá imeacht deas daoibh i gcomhpháirt le #parkrun! Beidh an rith seo ag tosú maidin Shathairn ag 9:30 ag fágáil ó Theach Mhucrois, An Pháirc Náisiúnta, Cill Airne. Bí cinnte geansaí teolaí a thabhairt leat. An-seans ann go leigheasfaidh an aclaíocht an phóit chomh maith.

Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ag an gCóisir ar oíche Aoine i mbliana, le Emma Ní Fhioruisce, KNEECAP, agus Scannal ag seinm ann.

Ná dearmad go mbíonn comórtas bréagéide ar siúl ar an oíche chomh maith, mar sin bíodh bhur maisc, bhur smideadh, 's bhur bhfeisteas is scanrúla réidh le dul agaibh!

Agus Bliain na Gaeilge ag druidim chun deiridh, caithfimis súil siar ar an méid a tharla i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchas agus caithfimis súil ar an méid atá fós le teacht.

Bíodh lón agat agus breathnú siar ar bhuaicpointí na bliana go dtí seo. Beidh Bláthnaid Ní Chogaidh mar Bhean an Tí ar an lá.

Le tús a chur leis an Oireachtas, is fiú go mór an ócáid seo le gáifeacht agus galántacht na nGael a fheiceáil. Beidh an ócáid ar fad ar siúl san Óstán Gleneagle oíche Chéadaoin, agus beidh an Ócáid Bhronnta ag tosú ag 8in sa Seomra Mangerton san Óstan Gleneagle, ach ní hé seo ach cuid amháin de na Gradaim.

Cuirfear fáilte roimh na hainmnithe ag 7in sa Bhálsheomra agus beidh siad uilig ag siúl an Chairpéid Dheirg chuig an Seomra Mangerton ó 7.30in. Fiú murar féidir leat bheith i láthair ann, beidh sé beo ar www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie. Ar ndóigh, beidh agallaimh le haíonna éagsúla ar an oíche beo ó na foinsí thuasluaite.

Beidh PEIG.ie i measc na seastán ag Aonach an Oireachtais i mbliana. Tabhair cuairt orainn - seans go mbeidh cúpla aiscín ar fáil.