Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bealaí le páirt a ghlacadh i mBliain na Gaeilge 2018

 

  1. Mura bhfuil Gaeilge agat cheana féin, déan iarracht í a fhoghlaim saor in aisce ar Duolingo
  2. Más duine le Gaeilge, Foghaimeoir nó duine den Diaspóra tú, tabhair faoi dhúshlán na míosa.
  3. Freastail ar imeacht, aimsigh ceann anseo nó sa leabhrán anseo.
  4. An bhfuil tú ag iarraidh imeacht Gaeilge a reáchtáil i do phobal nó i d’ionad oibre? Cuir glaoch orainn ar 01 4757401órdaigh pacáiste tacaíochta Bhliain na Gaeilge (Saor in aisce) agus cláraigh an t-imeacht ar PEIG.ie.
  5. An bhfuil tú ag iarraidh tacú le himeacht Gaeilge a reáchtáil i do cheantar? Déan teagmháil le do chraobh áitiúil de chuid Chonradh na Gaeilge.
  6. Níl aon chraobh i do cheantar? Bunaigh craobh áitiúil in Éireann le Jill ar jill@cnag.ie nó thar lear le Síne ar sine@cnag.ie.
  7. Cuir iarratas chugainn do chomórtas An Focal Is Fearr Liom
  8. Éist le raidió as Gaeilge agus féach ar chláir theilifíse as Gaeilge féach ar ár moltaí anseo (nasc go 5 leid).
  9. Éist le ceol as Gaeilge. 
  10. Léigh leabhar as Gaeilge.
  11. Ar úsáid tú earra le déanaí a raibh Gaeilge air nó a tháinig ón nGaeltacht? Táimíd ag iarraidh aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí atá báúil dár teanga. Cuir ríomhphost le hainm an chomhlachta chuig earra@gaeilge2018.ie agus beidh deis acu a bheith luaite mar Earra na Míosa.
  12. Ar bhain tú úsáid as seirbhís le déanaí a bhí trí mheán na Gaeilge? Táimíd ag iarraidh aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí atá báúil dár teanga. Cuir ríomhphost le hainm an chomhlachta chuig seirbhis@gaeilge2018.ie agus beidh deis acu a bheith luaite mar Sheirbhís na Míosa.
  13. An úsáideann tú na meáin shóisialta? Lean leathanaigh Ghaeilge ar na meáin shóisialta, féach ar ár moltaí anseo.
  14. An úsáideann tú ríomhphost? Sínigh suas do nuachtlitir PEIG.ie leis an nuacht is déanaí as Gaeilge a fháil in aon áit amháin.
  15. An múinteoir tú? Féach ar áiseanna do scoileanna seo thuas.
  16. An mac léinn tú? Féach ar an gcomórtas tríú leibhéal anseo.
  17. An mac léinn tú? Glac páirt in imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh i d’ollscoil nó institiúid theicneolaíochta, mura bhfuil Cumann Gaelach ann, déan teagmháil le alswyn@cnag.ie.
  18. An oibríonn tú le daoine óga? Féach ar an gcomórtas d’ógchlubanna anseo.
  19. Úsáid gnólachtaí as Gaeilge, tá samplaí ar fáil ar www.eolaire.peig.ie 
  20. An bhfuil gnó agat? Cuir seirbhís ar fáil as Gaeilge agus cláraigh é ar www.eolaire.peig.ie