Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

  • Conas cur isteach ar an gcomórtas

    1) Tá foireann Bhliain na Gaeilge ag lorg scéal Instagram cruthaitheach agus siamsúil faoi chonas a úsáideann tú do chuid Gaeilge.

    2) Caithfidh tú @gaeilge2018 a chlibeáil i ngach uile snap ionas go bhfeicfidh foireann Bhliain na Gaeilge an scéal.

    3) Is féidir mar shampla grianghraif, físeáin, boomerang, téacs agus superzoom srl. a úsáid leis an scéal a chur le chéile. Is é an sprioc ná go mbeadh thart ar 5 'snaps' i do scéal.

    4) NB: Má tá cuntas Instagram príobháideach agat cuir teachtaireacht pearsanta chugainn agus glac linn mar chairde nó is feidir do scéal a íoslódáil mar fhíseán agus á sheoladh go bnag@cnag.ie 

  • Téarmaí agus Coinníollacha

    1) Tá an comórtas seo oscáilte d'aon duine thar 18 bliain d'aois atá cláraithe mar mac léinn in institúid tríú leibhéal ar oiléan na hÉireann.

    2) Glactar i gcás gach iontráil go dtuigeann agus go gcloíann an iomaitheoir sin le téarmaí agus coinníollacha an chomórtais.

    3) Más gá lorgófar doiciméad aitheantais le cinntiú go bhfuil an buaiteoir thar 18 bliain d'aois agus cláraithe mar mhac léinn triú leibhéal.

    4) Ní ghlacfar le hiarratas i ndiaidh 23:59 ar an 7 Samhain 2018.

    5) Is é an chéad duais sa chomórtas ná Apple iPhone X 64GB. Is é an dara duais ná síntiús Netflix ar feadh bliana. Is é an tríú duais ná síntiús Spotify ar feadh bliana.

    6) Ní féidir na duaiseanna a athrú go airgead tirim.

    7) Is féidir linn aon iontráil a chuirtear isteach ar an gcomórtas a roinnt ónár meáin shóisialta féin: Twitter, Facebook, Snapchat, Instagram for Raidió Rí Rá, Bliain na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, peig.ie and Gaeilge24. Chomh maith leis sin, is féidir linn aon iontráil a chur in airde ar na suíomhanna idirlíon seo a leanas: cnag.ie, gaeilge2018.ie, peig.ie 

    8) Roghnófar an coiste moltóireachta buaiteoirí an chomórtais. Tá an cinneadh deiridh ag an gcoiste. Ní bheidh chomhfhreagas againn maidir leis an gcinneadh seo.

    9) Beidh na buaiteoirí fógartha go poiblí ar an 9ú Samhain 2018 ar Instagram Bhliain na Gaeilge. Seolfar teachtaireacht príobháideach chuig na buaiteoirí ar Instagram.

    10) Munar fhéidir le foireann Bhliain na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis na buaiteoirí taobh istigh den chéad sheachtain, roghnófar buaiteoir eile.

    11) Tá sé de cheart ag foireann Bhliain na Gaeilge duaiseanna eile a chur ar fáil más gá ar chomh luach lena duaiseanna a bhí fógartha.