Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 125 bliain ó shin agus mar sin beidh ceiliúradh á dheanamh ag lucht na Gaeilge don bhliain ar fad in 2018. Tá sé breá éasca páirt a ghlacadh agus beidh an-chuid imeachtaí áitiúla chomh maith le mórimeachtaí ar siúl. 

 

Imeachtaí áitiúla:

Beidh na mílte imeachtaí ar siúl i rith na bliana mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus beidh siad uilig ar fáil ar an Léarscáil Idirghníomhach.

Más maith leat d'imeacht féin a chlárú leis an eolas a scaipeadh faoi, is feidir é a chlárú ar ár Leathanach Clárú Imeachta agus beidh d'imeacht mar chuid den chlár oifigiúil!

Comórtais:

Beidh roinnt comórtas ar siúl i rith na bliana mar chuid de Bhliain na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar dul chun cinn na teanga le 125 bliain anuas.

Is féidir cur isteach ar an gcomórtas seo le deis dearbhán €100 oneforall a bhuachan chuile mhí agus ag deireadh na bliana beidh an deis ann veain champála a fháil ar feadh seachtaine! Díreach lean an nasc thíos. Ní ghlacann sé mórán ama in aon chor!

Cén focal is fearr leat?

Gach mí roghnaítear Focal na Míosa do Bhliain na Gaeilge. Is féidir cur isteach ar an gcomórtas ANSEOCoimeád súil ar ár leathanaigh ar Instagram, Facebook agus Twitter leis an eolas is déanaí a fháil.

Comórtas Ealaíne


Tá Comórtas Ealaíne ar siúl le linn Bliain na Gaeilge do dhaltaí bunscoile ar fud na tíre. Tá duais €1000 don phictiúir is fearr i ngach contae. An téama atá roghnaithe i mbliana ná ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol/bhaile féin’ agus is féidir pictiúir a tharraingt nó a phéinteáil bunaithe ar an téama seo.

Mar shampla:


Ceol trí Ghaeilge
Spórt trí Ghaeilge
Laochra na Gaeilge
Oidhreacht na Gaeilge i mo bhaile
Gaeilge sa bhaile/ ar scoil

Leideanna:


Is féidir tomhas A4, A3 nó A2 a úsáid
Is féidir dathanna ó lógó Bliain na Gaeilge a úsáid ( Glas, Oráiste, Gorm agus Bándearg)

Is féidir iontráil amháin an duine a sheoladh go Bliain na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 nó i bhfoirm ríomhphoist go bnag@cnag.ie

Spriocdháta : 20 Aibreán 2018