Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn againn chun tacú le tuismitheoirí.
1. Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae. Oíche Mhaith seachas goodnight, Go Raibh Maith Agat seachas thank you, Maith an Bhuachaill nó Maith an Cailín seachas good boy or girl, Slán seachas goodbye, srl.
2. Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata. Tá neart leabhair áille ann agus ní fhágfar ag lorg frasaí thú!
3. Éist le raidió Gaelach cosúil le Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó Raidió Rí Rá agus breathnaigh ar TG4. Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.
4. Cruthaigh lipéid simplí le crochadh timpeall an tí. Doras, Bosca Bruscar, Fuinneog, Staighre, Ríomhaire, Tolg, Cathaoir, Bord, srl – níl deireadh leis an liosta! Bain úsáid as www.focal.ie le teacht ar aistriúcháin.
5. Déan machnamh faoi ghnás amháin i do lá a roghnú (folcadh, bricfeásta, dinnéar, turais charr – pé atá is lú strus ag baint leis!), na frasaí nó foclóir a bhaineann leis a fhoghlaim agus ‘am Gaeilge’ a bheith agat gach lá.
Curtha le chéile ag Comhluadar. Eagraíonn Glór na nGael raon leathan imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge.
Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn againn chun tacú le tuismitheoirí.
Is grúpa tuismitheoirí iad “Tuismitheoirí na Gaeltachta” a tháinig le chéile i 2011. Is eagraíocht dheonach í a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Faigheann “Tuismitheoirí na Gaeltachta” maoiniú ón Roinn Ealaíon, Cultúr agus Gaeltachta agus ó Ealaín na Gaeltachta. Thosaigh an grúpa i nGaeltacht Chonamara agus tá an tseirbhís leathnaithe amach acu go dtí Gaeltacht Dhún na nGall. Cuireann siad imeachtaí agus ócáidí clainne ar siúl ar bhonn rialta sa Ghaeltacht.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com
Tá an t-eolas seo curtha le chéile ag Comhluadar. Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht atá freagrach as Gaeilge sa Teaghlach. Tuilleadh eolais ag Marcas@glornangael.ie
Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ar an ábhar sin ba chóir gurbh í príomhaidhm tuismitheoirí, atá ag tógáil páiste le Gaeilge, gach deis a thabhairt dó Gaeilge a chloisteáil, agus Gaeilge a labhairt. Agus ar an ábhar go bhfuil teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag páiste Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt creideann Comhluadar gurb é an bealach is fearr chun clann a thógáil le Gaeilge ná Gaeilge a bheith á labhairt leis na páistí ag na tuismitheoirí an t-am ar fad. Is féidir cur leis seo trí:
Ní bhíonn na deiseanna céanna ag gach teaghlach. I gcásanna áirithe ní bhíonn Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin, i gcásanna eile ní bhíonn ann ach tuismitheoir amháin, agus tá teaghlaigh ann nach mbíonn daoine le Gaeilge i gcaidreamh leo ach go hannamh. Mar sin is gá breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus ceann a roghnú a thugann an deis is fearr don pháiste s’agatsa Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt.
Ar an ábhar gur mór an méid Béarla a chloisfidh an páiste agus a labhróidh sé de réir mar a fhásann sé, is inmholta an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis sna blianta tosaigh. Ón lá a thagann páiste ar an saol bíonn sé ag éisteacht le fuaimeanna agus ag sealbhú teanga. Is fiú do thuismitheoirí a chinntiú ón tús go mbíonn cláir Ghaeilge ar siúl ar an raidió agus ar an teilifís, téipeanna Gaeilge á seinm sa ghluaisteán agus thar gach rud eile Gaeilge á labhairt acu leis an bpáiste ón chéad lá.
Nuair is nós le duine teanga ar leith a labhairt le daoine áirithe, fiú le páistí, is deacair an nósmhaireacht sin a athrú. Dá bhrí sin is fusa nós labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh a bhuanú má labhraítear Gaeilge leis an bpáiste ón tús. Chuige seo is fiú an cinneadh maidir le teanga labhartha an teaghlaigh a bheith déanta sula saolaítear an chéad pháiste más féidir, agus eolas a bheith ag na tuismitheoirí ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht nua a bheidh ag teastáil nuair a bheidh páiste nua sa teach.
JAMIETá sraith d’acmhainní físeáin forbartha ag Institiúid Oideachais Marino (IOM) chun tacú le daltaí atá ag staidéar dá scrúduithe Gaeilge Ardteistiméireachta.
|
|
![]() |
Gael LinnBunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. |
![]() |
GaeloideachasIs eagraíocht é Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an nGaeloideachas – réamhscolaíocht, |
![]() |
Glór na nGaelBunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí |
![]() |
Tuismitheoirí na GaeltachtaIs grúpa tuismitheoirí iad “Tuismitheoirí na Gaeltachta” a tháinig le chéile i 2011. Tá siad ar fáil ar Facebook (Tír Chonaill nó Conamara) nó ag tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com |
|
Comhairle don Churaclam, Scrúduithe agus MeasúnúCuirtear eolas ar fáil maidir leis na háiseanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeloideachas agus gach réimse den oideachas ó chúrsaí teanga go hábhair idirgníomhacha ar nós drámaíocht na Gaeilge agus cluichí oideachais. |
Tús MaithTugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo |