Aistríodh ráiteas mór a rinne Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron faoi thodhchaí na hEorpa go dtí gach teanga oifigiúil de chuid na hEorpa seachas an Ghaeilge.
In ainneoin gur maíodh ag an am go raibh an ráiteas á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla an AE go léir, dheimhnigh Ambasáid na Fraince in Éirinn gur fágadh an Ghaeilge ar lár.
Nuair a foilsíodh an ráiteas i 28 nuachtán i dtús na míosa seo, mhaígh urlabhraí de chuid Macron gurbh í sin an chéad uair gur “labhair ceannaire stáit le muintir uile na hEorpa ina dteangacha féin”.
Ach nuair a d’fhiosraigh iar-státseirbhíseach an scéal le hAmbasáid na Fraince, fuair sé amach nárbh amhlaidh an scéal agus nár cuireadh ráiteas Macron ar fáil ach i 22 teanga den 23 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Unfortunately President Macron’s tribune has not been translated into Gaelic. You will however find an English version on our website,” a dúradh sa bhfreagra a thug Ambasáid na Fraince ar Sheán Mag Leannáin, iar-státseirbhíseach agus Gaeilgeoir a labhraíonn amach faoi chás na teanga sa státchóras.
Dúirt Mag Leannáin gur músclaíodh a shuim nuair a léigh sé na tuairiscí faoi ráiteas Macron a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE.
“Mar iar-státseirbhíseach, a raibh suim aige riamh i gcur chun cinn na Gaeilge i gcúrsaí Stáit agus riaracháin, thug mé faoi deara gur dúradh sna meáin go raibh an ráiteas tábhachtach seo ón Uachtarán Macron ar a fhís don Aontas Eorpach foilsithe i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. ‘Bhuel!’, arsa mise liom féin, ‘féar plé do na Francaigh – chuir siad de stró orthu féin an ráiteas seo a aistriú go Gaeilge’. Ach cá bhfuil an leagan Gaeilge le fáil?”
Ní fada gur cuireadh ó dhóchas Mag Leannáin, áfach. Nuair nach raibh aon leagan Gaeilge den ráiteas ar fáil sna meáin, lean sé air ag cuardach agus tháinig sé ar chóip den óráid i 22 teanga oifigiúil eile an Aontais ar shuíomh Rialtas na Fraince Gouvernement.fr.
Is ansin a shocraigh sé ríomhphost [i mBéarla] faoin gceist a sheoladh chuig Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé an scéala nach raibh an ráiteas ar fáil i nGaeilge.
“Léigh mé an leagan Béarla. Taobh istigh den reitric phostúil ann ba léir gurb é an Breatimeacht agus a impleachtaí don Aontas Eorpach mar chumhacht mhór sa domhan ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag an Uachtarán.
“Bheadh sé suimiúil an leagan Gaeilge a chuirfí ar smaointe ardnósacha an Uachtaráin ardnósaigh seo a léamh ach faraor géar níl sé sin le fáil. Ní thógfadh aon duine orthu é nár bhac na Francaigh le leagan Gaeilge a chur air nuair nach mbacann an Rialtas s’againne le leaganacha Gaeilge de mhór-óráidí ár gceannairí féin a chur ar fáil.”