Tá pobal na Gaeilge i gCeatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach.
Tá an eagraíocht Glór Cheatharlach agus lucht an ghaeloideachais sa cheantar ag iarraidh go dtiocfadh pobal an bhaile uile le chéile le plean a chur i bhfeidhm chun cur le stádas na teanga i gCeatharlach.
Dúirt Bríd de Róiste ó Ghlór Cheatharlach go bhfuil dul chun cinn mór déanta ó bunaíodh gaelscoil ar an mbaile.
“Bunaíodh an Ghaelscoil nach mór daichead bliain ó shin nuair a d’fhreastail 20 páiste ar ranganna a cuireadh ar fáil i seomra sealadach in Ionad an Pharóiste.
“Thug Comhairle Contae Cheatharlach gach tacaíocht agus cúnamh i gcónaí dúinn, agus an bhliain dár gcionn bhronnadar suíomh orainn leis an gcéad seomra réamhdhéanta a shuiteáil ann. Níorbh fhada go raibh 26 seomra réamhdhéanta breactha timpeall ar champas in úsáid ag comhluadar lán-Ghaeilge,” a dúirt Bríd de Róiste ó Ghlór Cheatharlach.
Dúirt sí go bhfuil gaeloideachas á chur anois ar nach mór 1,000 dalta i gCeatharlach.
Mhaígh sí go mbíonn níos mó daoine ag labhairt na teanga i gCeatharlach, ná mar a bhíonn i gceantair Ghaeltachta áirithe.
Tá sé i gceist anois ag Glór Cheatharlach plean teanga a chur le chéile don bhaile agus go ndéanfaí sin i gcomhar leis an gComhairle Contae agus le heagrais eile.
“Beidh treoirphlean na teanga á ullmhú againn leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus ba mhaith linn go mbeadh ionchur an phobail i gcoitinne san áireamh, ionas gur plean Cheatharlach agus nach plean Ghlór Cheatharlach amháin a bheas ann.
“Ba cheart don phobal breith ar an bhfaill agus cur chuige go díograiseach. Ní ceart go mbeadh an t-ualach anuas ar an mbeagán [atá ag obair] go deonach,” a dúirt Bríd de Róiste.
Mhol Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Cheatharlach, Kathleen Holohan, an obair ar son na Gaeilge atá déanta ag Glór Cheatharlach agus ag muintir an bhaile agus gheall sí tacaíocht na Comhairle don fhiontar.
Thug sí cuireadh don phobal páirt a ghlacadh “san iarracht a dheimhniú go mbeidh Ceatharlach i measc na mbailte is túisce in Éirinn a dtabharfar bailte dátheangacha orthu”.