Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Más maith leat do chuid scileanna sa Ghaeilge a thaispeáint, do chúpla focal a clheachtadh, nó blas den teanga a fháil, bí linn i Leabharlann Bhaile Bhlainséir nó in Halla an Chontae Sord ar an 13 Samhain.

Beidh an dara féile Blas Bhaile Bhlainséir ar siúl don lá uilig, ag tosú ag 10rn leis an scéalaí Niall de Búrca.

Ag 11rn, beidh foirne ó bhunscoileanna áitiúla ag teacht chuig an seomra léachta le haghaidh Tráth na gCeist. Beimid ag déanamh scrúdaithe ar eolas na n-iomaitheoirí idir chúrsaí ginearálta agus chúrsaí Gaeilge.

Beidh na heachtraí poiblí ag tosú ag 2in, le Giggles an Fear Grinn, a chuireann an chraic isteach i bhfoghlaim na Gaeilge le puipéid, balúin, draíocht, agus go leor eile! Beidh an seó ag dul ar aghaidh go dtí 5in; bí cinnte go mbeidh tú anseo chun an Fear Grinn iontach seo a fheiceáil.

I Leabharlanna Fhine Gall, táimid ag déanamh fíoriarracht STEM a chur chun cinn, agus leanfaimid ar aghaidh leis na heachtraí seo le linn Blas Bhaile Bhlainséir. Ó 4in – 5in agus arís ó 5:30in go 6:30in, oibreoidh na rannpháirtithe le Susan Boyle chun Iógart Reoite a dhéanamh le hoighear tirim. Tá an cheardlann seo oideachasúil agus blasta, agus oiriúnach d’aois 9+.

Beidh na daltaí agus na múinteoirí ó Choláiste na Tulchann linn ar an lá chun triail a bhaint as an dúshlán Gaeilge 24, chun an Ghaeilge a labhairt don lá ar fad. Chun ár mbuíochas a thaispeáint dóibh, beidh siad ag déanamh ceardlann códáil i nGaeilge leis an Academy of Code.

Is dócha gur choinnigh muid an píosa is fearr go dtí an deireadh le cur i láthair ó na deartháireacha Fanzini. Ó 7pm go 8pm, beidh an chlann uilig béaloscailteach nuair a fheiceann sibh an seó sorcas iontach greannmhar is fíor craiceáilte – agus go hiomlán i nGaeilge!

Tá fáilte roimh chách don ócáid seo. Le haghaidh níos mó eolas, nó chun d’áit a chur in áireamh, cuir glaoch ar 01 890 5560, nó seol ríomhphost chuig blanchlibrary@fingal.ie.

Beidh Oíche Shóisialta Bhliain na Gaeilge ar siúl san Atrium, Halla an Chontae, Sord ar an oíche sin freisin. Beidh Amhránaíocht ar an Sean-Nós agus Ceol Traidisiúnta le Antaine Ó Faracháin (Amhráin/Fidil) & Nollaig Mac Cárthaigh (Píb Uilleann) ó 7in go 9in. Gach eolas ó Eolas@fingal.ie nó Bernie Kelly 8905369.

Read 48 times
Rate this item
(0 votes)