Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 #SnaG21
Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 ar Facebook i mbliana de dheasca COVID-19.
“Is iad ambasadóirí na féile an t-amhránaí Imelda May, captaen fhoireann iomána Luimnigh Declan Hannon agus láithreoir RTÉ Bláthnaid Treacy.”
Imeachtaí
Tá teacht ar na himeachtaí ar fad atá ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 anseo.
Tá #SnaG21 buailte linn 💜
Is féidir teacht ar gach imeacht ag: https://t.co/3nHVuoqwEw@SnaGaeilge https://t.co/5ofIBPGNfo
— PEIG.ie – Pobal | Eolas | Ilmheán | Gaeilge (@PEIG_ie) March 1, 2021
Beidh acmhainní, frásaí simplí, imeachtaí agus eile á bhfógairt ag foireann Sheachtain na Gaeilge le linn na féile i mbliana. Is féidir iad a leanúint ar Instagram, Twitter, Facebook agus LinkedIn.
Tá podchraoladh nua #GrádonGhaeilge seolta acu le déanaí.
“The #GrádonGhaeilge podcast is aimed at learners to improve their Gaeilge over the #SnaG21 festival.”
Is féidir éisteacht leis thíos.
Bain úsáid as na GIFeanna nua atá ar fáil ar Instagram agus an haisclib #SnaG21.
Bígí páirteach ann! #GrádonGhaeilge