Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seo daoibh rogha PEIG.ie de na haipeanna Gaeilge is fearr linn. Caith súil ar an liosta thíos. An bhfuil dearmad déanta againn ar aon cheann a bhíonn in úsáid agat?

Tá iliomad aipeanna amuigh ansin i láthair na huaire atá dírithe ar sholáthar raidió ar an bhfón póca. Éiríonn leis an Seinnteoir Raidió a leithéid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Aip easca le húsáid atá inti leis an gcomhéadan úsáideora ar fad as Gaeilge.

Tá an-chuid gnéithe áisiúla eile chomh maith: is féidir aláram raidió a chur ar siúl tríd an aip, is féidir na stáisiúin is fearr leat a chur le do cheanáin agus is féidir éist siar le cláracha atá críochnaithe cheana féin. Má bhíonn tú ag éisteacht leis an raidió ar d’fhón póca, b’fhiú duit íoslódáil a dhéanamh ar An Seanntóir Raidió. Tá sé ar fáil ar an Appstore agus ón Playstore chomh maith.

 

Tá an suíomh Foclóir.ie forbartha ag Foras na Gaeilge le blianta beaga anuas agus is í aidhm an ardáin nó Foclóir Béárla-Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Faoi láthair tá os cionn 10 milliún iontráil san fhoclóir agus táthar ag cur níos mó leis ar bhonn leanúnach. Ag Oireachtas na Gaeilge 2017 seoladh aip nua Foclóir.ie, atá ar fáil ar an Appstore agus ón Playstore.

Tá an aip ar fáil saor in aisce mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus tugann sí deis duit rochtain a fháil ar bhunachar na bhfocal nuair nach bhfuil nasc idirlín agat, agus is féidir réalt a chur leis na focail a bhfuil dúil agat iontu. Má tá tú le haon aip Ghaeilge a íoslódáil, bíodh aip Foclóir.ie í.

 

Is aip/feidhmchlár thar a bheith luachmhar í Gaelspell. Faraor, níl chuile fheidhmchlár scríbhneoireachta ar fáil le foclóir Gaeilge nó le seiceálaí gramadaí. Cruthaíodh Gaelspell go díreach le dul i ngleic leis an bhfadhb sin!

Is aip í seo don ríomhaire in áit an ghutháin ach molaimid í fós má bhíonn tú ag scríobh an-chuid as Gaeilge nó ag baint go leor úsáid as Microsoft Word. Tá sé ar fáil do ríomhairí Apple agus Microsoft. Ar an suíomh Cruinneog.com, tá teacht ar aipeanna eile cosúil le Gaelspell a dhíríonn ar ghramadach na Gaeilge amháin.

 

Is soláthróir nuachta agus ábhar eile Gaeilge ar líne é Tuairisc.ie. Tá teacht air ar shuíomh idirlín agus chomh maith leis sin is féidir é a fháil i bhfoirm aipe.

Bíonn an aip suas chun dáta leis na hailt nuachta is déanaí agus tá sé formádaithe i bhfoirm dheas shimplí agus éasca le leanúint. Chomh maith leis sin, tá áiseanna ann d’fhoghlaimeoirí - idir shraithphictiúir, léamhthuiscintí, fhilíocht, phrós, agus eile mar aon le rannóg ghrinn/aoire. Tá aip Tuairisc.ie ar fáil ar an Appstore agus ar an Playstore.

 

Is sraith d’aipeanna dírithe ar pháistí óga é Cúla Caint le cuidiú leo i dtaobh foghraíochta agus stór focal na Gaeilge. Tá siad bainteach leis an gclár do pháistí Cúla 4 atá le feiceáil i rith an lae ar TG4.

Baintear úsáid as cartúin, pictiúir dheasa agus réimse leathan dathanna le súil an pháiste a mhealladh. Tá an aip dheas shimplí le húsáid agus molaimid go mór é mar áis fhoghlamtha fhónta. Tá 3 aip sa sraith faoi láthair mar aon le roinnt aipeanna eile do pháistí atá forbartha ag TG4. Aipeanna riachtanacha iad sraith Cúla Caint do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Tá siad ar fáil saor in aisce ón Appstore agus ón Playstore.

Aipeanna luachmhara eile:

PEIG.ieNá dearmad bhfuil aip againn freisin. Is féidir na scéalta nuachta, eolas faoi na folúntais is déanaí, agus eolas faoi imeachtaí Bhliain na Gaeilge ag tarlú i do cheantar a fháil saor in aisce ar an App Store le Apple agus ar an Play Store le Android.


TeanglannTá na dearthóirí céanna taobh thiar den aip seo is atá den aip Focloir.ie. Tá teacht ar na foclóirí éagsúla mór le rá ar an aip - idir Fhoclóir Uí Dhónaill agus Fhoclóir De Bhaldraithe, mar aon le foclóir Gaeilge-Gaeilge agus bunachar foghraíochta! Tá Teanglann ar fáil ar an Appstore agus ar an Playstore.