Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seo daoibh 5 leid na Céadaoine seo lenár gcéad aoiscríbhneoir, Siobhán ón gcuntas mór le rá Gaeilge Vibes. Tugann sí comhairle dúinn faoi na modhanna is éifeachtaí le dul i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

 

 

Cén spriocdháta?

Cad atá cearr le Padraig?

Cad a mholann Máire?

Cén fáth ar eagraíodh é?

Cad é aidhm an tionscnaimh?

Luaigh dhá cháilíocht?

Cén luach damáiste a rinneadh?

Cad a sheoladh aréir?

Cá fhad?

Cad a bheidh á chomóradh an bhliain seo?

Cén táille a bheidh le híoc ag gach scoláire?

Cén cuimhne is mó atá aici?

Cén céim a thosaigh Pól?

Cad a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta don ghrúpa?

 

Na canúintí:

Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Chonnachta, Gaeilge Uladh.

 

Samplaí de na focail difiriúla eatarthu:

Every: gach, chuile, achan.

New: nua, úr.

Minute: nóiméad, bomaite.

Fast: tapa, sciobtha, gasta.

What: Cad? Céard? Goidé?

 

Cúige Mumhan:

Ciarraí: an Daingean, Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Dún Chaoin, Na Blascaodaí, An Sceilg Bheag, Sceilg Mhíchíl.

Pórt Láirge: Dún Garbhán, An Rinn

 

Cúige Chonnacht:

Eachléim i gContae Mhaigh Eo.

Gaillimh: Conamara; An Cheathrú Rua, Ros Muc, Ros a Mhil, Cill Chiaráin, Cárna

An Spidéal, Uachtar Ard.

 

Cúige Uladh:

An dá ainm: Dún na nGall/Tír Chonaill.

Gaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Gleann Cholm Cille.

Contae Aontroma: Béal Feirste.

 

Cúige Laighean:

Contae na Mí: Ráth Chairn agus Baile Ghib

 

Caithfear tús, lár agus deireadh a bheith leis an bpíosa ceapadóireachta.

Caithfidh tú an teideal a mhíniú. Smaoinigh go bhfuil dhá thaobh le gach scéal. Ní mór duit cloí leis an ábhar.

Cuir ceist nó dhó chun an t-eolas a mhealladh.

Luaigh na pointí a bheidh tú ag plé sa tús; na buntáistí/míbhuntáistí, na fadhbanna agus réiteach na bhfadhbanna srl.

Bain úsáid as nathanna cainte agus seanfhocail.

Is leor pointe eolais amháin i ngach alt agus an t-ábhar a phlé go mion.

Seachain abairtí fada leadránacha.

Déan achoimre ar na mórphointí atá pléite agat.

Déan tagairt do theideal na haiste arís ag an deireadh.

 

Tá trí chéim sa mharcáil:

Stíl scríbhneoireachta: 5marc

Ábhar: 15marc

Cumas Gaeilge: 80marc

 

Muna bhfreagraíonn tú an cheist ní bhfaighidh tú na marcanna cuí.

Déan tagairt don cheist arís is arís eile tríd na haiste.

Bain úsáid as frásaí difriúla fite fuaite chun structúr deasa a thabhairt don cheapadóireacht.

 

Samplaí:

Ceist achrannach/chonspóideach í....

Ar an gcéad dul síos, ar an dara dul síos...

Ar lámh amháin/ar lámh éile...

Fadhb í atá ag dul in olcas...

Sa lá atá inniu ann/na laethanta seo..

Ach is beag seachtain nach gcloistear tagairt éigin sna meáin…

Is mór an náire é scéal mar seo a bheith ag titim amach...

Feictear domsa/ i mo thuairim, caithfidh mé a adhmháil..

Taibhsítear domsa...

Ní féidir a shéanadh...

Níos minicí ná a mhalairt...

Chomh maith leis sin/ ina theannta sin/Anuas air sin...

 

Maidir leis...

Chun na fírinne a rá...

Tuairiscítear go bhfuil...

An gcreidfeá....

Creid é nó ná creid é...

Caithfear rud éigin a dhéanamh...

Ba cheart dúinn/ní mór dúinn...

Ba cheart go mbeadh/ba chóir go mbeadh..

 

Mar fhocal scoir...

Déanta na fírinne..

Caithfear an gníomh a chur leis na bhfocal...

 

Seanfhocail:

Tús maith leath na hoibre.

Bailíonn brobh beart.

Ní neart go cur le chéile.

Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Is fearr an tsláinte ná an táinte.

Ní thagann ciall roimh aois.

De réir a chéile a thógtar na cáisleáin.

Is maith an scéalaí an aimsir.

 

Iarrfar ort ceist ghinearálta a fhreagairt bunaithe ar cheann amháin díobh seo:

An cineál litríochta atá sa sliocht: dhá thréith a bhaineann leis an seánra sin, an stíl scríbhneoireachta.

Leabhar spóirt nó taistil?

Píosa iriseoireachta?

Beathaisnéis?

Alt tuairisciúil?

Dírbheathaisnéis?

An bhfuil an stíl simplí, suimiúil, gonta, beomhar?

Pioc amach cúpla sampla den stíl sin.

 

Na mothúcháin a léiríonn sé?

Greann, aoir, trua, comhbhá, imní.

 

Tréithe an phríomhcharactair.

Is duine_____é/í. Tabhair sampla den sórt duine é/í sa sliocht.

Cróga, cinéalta, cneasta, cainteach, cairdiúil, fial, lách, cabhrach, flaithiúil, díograiseach, eagraithe...


Mar chuaigh carachtar i bhfeidhm ort.

Bhraith mé...

Mhothaigh mé...

Mhuscail an t-údar______ionam...

 

An sórt/saghas duine é an t-údar.

An léiriú a fhaighimid ar ghné/ghnéithe áirithe den saol sa sliocht.

Tugtar léiriú dúinn...

Faighimid léiriú...

Déantar cur síos ar...

Tugann an scríbhneoir cuntas cruinn ar....

Déanann sé tagairt don...

 

Ná déan achoimre.

Scríobh dhá leathanach ar a laghad.

Frásaí úsáideacha:

Ag déanamh cur síos ar an téama:
Tá blas brónach/rómánsúil/uaigneach ar an scéal/dán.
Baineann an scéal/dán seo le…….
Faighimid léiriú cuimsitheach ar an téama sa scéal/dán seo.
Is é______téama an scéal/dán seo.
Tá an téama le brath tríd an saothar ar fad.

 

Téamaí éagsúla:

Greann, magadh, draíocht, osnádúr, áibhéil, an dúlra, grá, pósadh, saol teaghlaigh, foréigean, brón, bás, coimhlint, teannas, lucht an rachmais, aoir.

Ag déanamh cur síos ar na carachtair:
Is bean_________í.
Is fear__________ í.
Fear _________ab ea é.
Duine _______amach is amach is ea í.

Aidiachtaí:

Lách, cróga, flaithiúil, cliste, fial, grámhar, foighneach, soineanta, cancrach, teannasach....

Ag déanamh cur síos ar na teicnící fileata:

Is dán dea-scríofa é le stíl a thaitníonn leis an léitheoir.
Usáideann an file friotal lom sa dán seo.
Usáideann an file íomhánna réalaíocha sa dán.
Usáideann an file uaim ar dhóigh an-éifeachtach.
Tá na híomhánna thar a bheith oiriúnach don ábhar.
Tá teideal an dáin oiriúnach don ábhar.

Athrá, codarsnacht, meafair, íomhánna, rithim nádúrtha.


Go n-éirí libh sa scrúdú agus ádh mór oraibh sa todhchaí.

Ná déanaigí dearmad ar bhur gcuid Gaeilge agus bí bródúil aisti.

 

Is féidir Gaeilge Vibes a leanúint ar FacebookInstagramTwitterYouTube agus ar Snapchat ag Gaeilge_Vibes