Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Aipeanna Gaeilge le hÍoslódáil

| Dáithí Anraí |

Seo daoibh rogha PEIG.ie de na haipeanna Gaeilge is fearr linn. Caith súil ar an liosta thíos. An bhfuil dearmad déanta againn ar aon cheann a bhíonn in úsáid agat?

Tá iliomad aipeanna amuigh ansin i láthair na huaire atá dírithe ar sholáthar raidió ar an bhfón póca. Éiríonn leis an Seinnteoir Raidió a leithéid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Aip easca le húsáid atá inti leis an gcomhéadan úsáideora ar fad as Gaeilge.

Tá an-chuid gnéithe áisiúla eile chomh maith: is féidir aláram raidió a chur ar siúl tríd an aip, is féidir na stáisiúin is fearr leat a chur le do cheanáin agus is féidir éist siar le cláracha atá críochnaithe cheana féin. Má bhíonn tú ag éisteacht leis an raidió ar d’fhón póca, b’fhiú duit íoslódáil a dhéanamh ar An Seanntóir Raidió. Tá sé ar fáil ar an Appstore agus ón Playstore chomh maith.

Tá an suíomh Foclóir.ie forbartha ag Foras na Gaeilge le blianta beaga anuas agus is í aidhm an ardáin nó Foclóir Béárla-Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Faoi láthair tá os cionn 10 milliún iontráil san fhoclóir agus táthar ag cur níos mó leis ar bhonn leanúnach. Ag Oireachtas na Gaeilge 2017 seoladh aip nua Foclóir.ie, atá ar fáil ar an Appstore agus ón Playstore.

Tá an aip ar fáil saor in aisce mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus tugann sí deis duit rochtain a fháil ar bhunachar na bhfocal nuair nach bhfuil nasc idirlín agat, agus is féidir réalt a chur leis na focail a bhfuil dúil agat iontu. Má tá tú le haon aip Ghaeilge a íoslódáil, bíodh aip Foclóir.ie í.

Is aip/feidhmchlár thar a bheith luachmhar í Gaelspell. Faraor, níl chuile fheidhmchlár scríbhneoireachta ar fáil le foclóir Gaeilge nó le seiceálaí gramadaí. Cruthaíodh Gaelspell go díreach le dul i ngleic leis an bhfadhb sin!

Is aip í seo don ríomhaire in áit an ghutháin ach molaimid í fós má bhíonn tú ag scríobh an-chuid as Gaeilge nó ag baint go leor úsáid as Microsoft Word. Tá sé ar fáil do ríomhairí Apple agus Microsoft. Ar an suíomh Cruinneog.com, tá teacht ar aipeanna eile cosúil le Gaelspell a dhíríonn ar ghramadach na Gaeilge amháin.

Is soláthróir nuachta agus ábhar eile Gaeilge ar líne é Tuairisc.ie. Tá teacht air ar shuíomh idirlín agus chomh maith leis sin is féidir é a fháil i bhfoirm aipe.

Bíonn an aip suas chun dáta leis na hailt nuachta is déanaí agus tá sé formádaithe i bhfoirm dheas shimplí agus éasca le leanúint. Chomh maith leis sin, tá áiseanna ann d’fhoghlaimeoirí – idir shraithphictiúir, léamhthuiscintí, fhilíocht, phrós, agus eile mar aon le rannóg ghrinn/aoire. Tá aip Tuairisc.ie ar fáil ar an Appstore agus ar an Playstore.

Is sraith d’aipeanna dírithe ar pháistí óga é Cúla Caint le cuidiú leo i dtaobh foghraíochta agus stór focal na Gaeilge. Tá siad bainteach leis an gclár do pháistí Cúla 4 atá le feiceáil i rith an lae ar TG4.

Baintear úsáid as cartúin, pictiúir dheasa agus réimse leathan dathanna le súil an pháiste a mhealladh. Tá an aip dheas shimplí le húsáid agus molaimid go mór é mar áis fhoghlamtha fhónta. Tá 3 aip sa sraith faoi láthair mar aon le roinnt aipeanna eile do pháistí atá forbartha ag TG4. Aipeanna riachtanacha iad sraith Cúla Caint do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Tá siad ar fáil saor in aisce ón Appstore agus ón Playstore.

Aipeanna luachmhara eile:

Teanglann – Tá na dearthóirí céanna taobh thiar den aip seo is atá den aip Focloir.ie. Tá teacht ar na foclóirí éagsúla mór le rá ar an aip – idir Fhoclóir Uí Dhónaill agus Fhoclóir De Bhaldraithe, mar aon le foclóir Gaeilge-Gaeilge agus bunachar foghraíochta! Tá Teanglann ar fáil ar an Appstore agus ar an Playstore.

Duolingo

Molscéal

BBC iPlayer

TG4 Player

Cúla4

New English-Irish Dictionary

Seachtain na Gaeilge le Energia

An tOireachtas

Chess.com

Tuilleadh eolais faoi úsáid na Gaeilge ar Líne anseo.