Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
sineadh-ama-fada-le-ceadu-ag-an-ae-ach-coinniollacha-eagsula-ag-baint-leis

Síneadh ama fada le ceadú ag an AE ach coinníollacha éagsúla ag baint leis

| Tuairisc.ie |

Déanfaidh an tAE cinneadh inniu cé acu an bhfuil fúthu síneadh ama eile leis an mBreatimeacht a cheadú, nó an bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas ag 11pm Dé hAoine agus gan aon mhargadh déanta.

Tá sé ionann is cinnte gurb amhlaidh go n-aontóidh 27 ceannaire na mballstát eile síneadh ama a cheadú, ach go mbeidh coinníollacha éagsúla ag baint leis.

Tá lucht an AE suite de go gcaithfidh an Bhreatain plean agus scála ama soiléir a leagan amach má táthar le síneadh eile a chur le hAirteagal 50.

Tuairiscítear chomh maith go ndéarfar go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil ar an 1 Meitheamh mura nglacfaidh siad páirt sna toghcháin Eorpacha ag deireadh na Bealtaine.

Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh atá á lorg ag Theresa May, dáta ar dhiúltaigh an tAE dó cheana an mhí seo caite.

De réir na dtuairiscí is déanaí síneadh ama níos faide a bheidh ann agus síneadh go dtí an 31 Nollaig, nó fiú síneadh bliana go dtí Márta 2020, atá á lua roimh chruinniú mullaigh an lae inniu sa Bhruiséil.

Síneadh ama solúbtha a bheadh i gceist sa mhéid is go bhféadfadh deireadh teacht leis dá n-éireodh leis an mBreatain an margadh imeachta a d’aontaigh Theresa May leis an AE a dhaingniú idir an dá linn.

Tuairiscíodh ar nuachtán an Guardian gur impigh príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier ar airí na mballstát eile glacadh le hiarratas May ar shíneadh ama go dtí deireadh mhí an Mheithimh ar mhaithe le brú a chur ar fheisirí in Westminster glacadh leis an margadh imeachta.

Tuairiscítear, áfach, nár éirigh le Barnier a chur ina luí ar na hairí glacadh leis an gcur chuige sin agus gur síneadh ama naoi mí is dóichí a bheidh á thairiscint inniu.

Tá roinnt ballstát amhrasach faoi shíneadh ama fada dá leithéid, ina measc an Fhrainc agus an Spáinn, agus cuirfear coinníollacha le haon síneadh ama a cheadófaí don Bhreatain.

Tá imní go háirithe ann faoi ráitis a rinne Jacob Rees-Mogg, an Breatimeachtóir a dúirt gur chóir don Bhreatain a bheith ina dealg faoi shúil an Aontais Eorpaigh agus cur as dá fheidhmiú dá mba shíneadh ama fada a bheadh ann.

De réir dréacht de communiqué ó chruinniú mullaigh an lae inniu, a sceitheadh tráthnóna inné, chaithfeadh an Ríocht Aontaithe a dhearbhú go n-iompróidís iad féin “ar bhealach dearfach agus freagrach” le linn thréimhse an tsíneadh ama.

Chaithfidís chomh maith glacadh leis go bhfuil dulagas orthu “comhoibriú go hionraic” leis an AE.

Deirtear chomh maith gur gá don Ríocht Aontaithe a dhearbhú nach ndéanfaidh siad aon ní a chuirfeadh isteach ar aidhmeanna an Aontais i dtaca lena bpleananna fadtéarmacha, a gceapacháin shinsearacha agus a mbuiséad.

Tá ráite cheana ag Theresa May nach bhféadfadh sí glacadh “mar Phríomh-Aire” le síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh, agus is cinnte go mbeidh sí faoi bhrú ag mórán ina páirtí féin má ghlacann sí le síneadh níos faide.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney inné gur chosúil go gcuirfeadh an Bhreatain ‘plean ceart’ faoi bhráid an AE inniu agus go n-aontófaí síneadh ama leis an mBreatimeacht.

“Teip dhochreidte ó thaobh na polaitíochta a bheadh i mBreatimeacht gan mhargadh agus caithfear a chinntiú nach dtarlóidh sin. 

“Ach cinnte ní foláir plean ceart a bheith ag dul leis an iarratas ar shíneadh ama má táthar le síneadh ama a aontú as seo go ceann trí lá –agus is dóigh liom gurb in é a tharlóidh,” arsa an Tánaiste Simon Coveney.

Dúirt Michel Barnier go rabhthas ag súil go mbeadh rath ar na cainteanna idir Theresa May agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre maidir le comhréiteach a fháil i dtaobh plean nua Breatimeachta.

Dúirt príomh-idirbheartaí an AE go gcaithfeadh aon phlean a bheith bunaithe ar an gcomhaontú aistarraingthe más faoin Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil faoi dhea-eagar. 

Dúirt sé nach raibh aon leasú i ndán don chomhaontú sin ach go bhféadfaí an dearbhú polaitíochta a théann leis a leasú, dá mba mhian leis an Ríocht Aontaithe sin. 

Dúirt Barnier go mbeadh an tAE sásta aontas custam nua a thairiscint don Ríocht Aontaithe mar chuid den dearbhú polaitíochta.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie