Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
agallamh-terry-cavanagh-forbroir-cluichi-riomhaireachta-gaeilge

AGALLAMH: Terry Cavanagh – forbróir cluichí ríomhaireachta Gaeilge

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bhí an t-ádh liom labhairt leis an bhforbróir ríomhchluicí Terry Cavanagh le déanaí. Bhí Terry ar a bhealach go San Francisco agus sinn ag caint ar líne toisc gur ainmníodh a chluiche nua Dicey Dungeons do ghradam dearaidh Independent Games Festival an domhain.

Bhíomar ag caint le chéile mar gheall ar an gcluiche céanna toisc gur seoladh leagan Gaeilge de Dicey Dungeon ag tús mhí an Mhárta, ach ní bhí neart rudaí spéisiúla eile le rá ag Terry.

MJM: Conas atá agat, a Terry? Ar dtús báire, ar fhaitíos nach bhfuil aithne ag léitheoir éigin ort, cé chomh fada atá tú forbairt ríomhchluichí agus cén sórt ríomhchluichí a chruthaíonn tú?

TERRY: Tá spéis agam i bhforbairt cluichí le fada fada ach is deich mbliana ó shin, nó mar sin, a bheartaíos triail a bhaint as cluichí a fhorbairt go profisiúnta. Jab a dhéanamh den spéis. Bím ag obair ar an-chuid rudaí beaga de ghnáth, dáiríre. Is é sin, gur maith liom cluichí íosta a bhfuil coincheap láidir iontu a chruthú. Anois is arís, déanaim rud éigin níos mó as na hiarrachtaí beaga nuair atá cuma na maitheasa orthu.

Tá an-chuid cluichí foilsithe agam ach is iad an dhá chluiche tráchtála a d’fhoilsíos ná VVVVVV, ar litir ghrá é do na cluichí a d’imríos agus mé ag fás aníos, agus Super Hexagon, cluiche sciobtha íosta agus lán le haicsean atá AN-deacair!

MJM: Ar fheabhas! Agus cén sórt cluiche a d’imir tú agus tú ag fás aníos? Cé acu ab fhearr leat?

TERRY: An-chuid rudaí éagsúla! Bhíodh Commodore 64 again sa mbaile nuair a bhíos óg. D’imreoinn na cluichí téipe a bhíodh greamaithe le clúdach Commodore Format arís agus arís agus arís eile! Dá bharr seo, d’fhéadfá rá gur chaitheas an-chuid de m’óige ag imirt cluichí aisteacha mar seo a cruthaíodh ar bhuiséad beag. Ceann acu a ritheann liom anois agus sinn ag caint ná an cluiche tiomána seo ina raibh ort carranna eile a sheachaint agus cloí le rialacha an bhóthair! Ní cuimhin liom cén t-ainm atá air, ach bhí sé thar barr!

MJM: Is é Dicey Dungeons an cluiche is déanaí uait, agus tá sé ar fáil as Gaeilge. Abair, cén sórt cluiche é Dicey Dungeons, mar sin, agus cén t-ardán a mbeidh sé ar fáil dó? 

TERRY: Is cluiche ról-imeartha é Dicey Dungeons, cineál cosúil le Pokémon nó Final Fantasy. Roghnaítear ceann den sé charachtar, arrachtaí troda, agus téann tú sa tóir ar sheoda éagsúla a dheinfeas níos láidre agus níos láidre thú! Tá na haoinne den seisear carachtar ag imirt le mian a gcroí a fháil; áit ar sheó cluichí leis an mbandia Lady Luck. Cluiche Windows is ea é faoi láthair.

Tá an cluiche sciobtha spraíúil agus cé go bhfuil sé éasca ar dtús, tá doimhneacht leis na meicnicí bunúsacha a chuireann an-éagsúlacht leis an imirt. Caithfear gach carachtar a imirt ar bhealach iomlán éagsúil le go n-éireoidh leat, mar shampla. Cruthaíodh an cluiche ar phionsabal sách bunúsach, is é sin tús simplí agus an-chuid féidearthachtaí éagsúla ag fás as an tús sin.

MJM: Is breá liom sin – Simplíocht agus doimhneacht leis! Ar lean tú cur chuige nua le Dicey Dungeons, nó an bhfuil sé cosúil leis na cluichí eile a d’fhoilsigh tú?

TERRY: Tá sé sách éagsúil leis an dá chluiche tráchtála eile uaim. Bhí spéis agam riamh sna RPGs ach ní dóigh liom gur éirigh le m’iarrachtaí eile roimhe seo, dáiríre. D’fhéadfá rá go bhfuil breis agus scór samhail RPG cruthaithe agam le himeacht na mblianta, ach ní rabhas sásta leo. Cé nár sheolas cluiche mar seo cheana, táim ag spraoi leis an smaoineamh agus leis na meicnicí le fada.

MJM: Dochreidte! Tá tú á fhorbairt le fada, ar bhealach. Tuigim gur comhtharlúint atá ann gur sheol tú Dicey Dungeons as Gaeilge thart ar thréimhse Sheacthain na Gaeilge, comhtharlúint iontach dála scéil, ach abair linn canathaobh gur roghnaigh tú Dicey Dungeons a logánú don Ghaeilge?

TERRY: Táim. Bhí sé i gceist agam rud éigin mar seo a dhéanamh le fada. Níl mo chuidse Gaeilge go maith in aon chur – níor chuireas aon spéis inti ar scoil agus níl mórán agam anois dá bharr. Ach caithfidh mé rá go gcuirim an-spéis in aistriúchán profisiúnta cluichí toisc go gceapaim go ndéanfaidh sé difear don teanga. Dá mbeadh cluichí a thaitin liom ar fáil as Gaeilge agus mé i mo dhéagóir, cuirim i gcás, measaim go gcabhródh sé go mór liom féin an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.

MJM: Aontaím go hiomlán leat. Bhí áthas an domhain orm nuair a chuala mé go raibh tú ag obair leis an Ríomhacadamh ar logánú do chluichí. Labhair Kevin Scannell i gCaisleán Bhaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin faoi sprioc a bhí aige bunchruach ríomhaireachta iomlán Gaelach a bheith ar fáil don phobal. Tá sé ag obair air seo le fada dar ndóigh, ach bunaíodh an Ríomhacadamh tamall gairid ina dhiaidh na cainte seo leis na hiarrachtaí logánaithe ar fad a thabhairt le chéile agus is é logánú cluichí an chéad chéim eile sa phróiseas seo measaim. Measaim go dtagann ár bplean leis an méid atá á rá agatsa ansin.

Agus léitheoirí Nós ag imirt do chluichí amach anseo, cén chomhairle a gcuirfeá orthu lena gcuid cluichí féin a fhorbairt?

TERRY: Is tús maith tús beag! Ní gá go mbeadh gach cluiche ollmhór agus casta cosúil leis na cluichí a dhéanann na stiúideonna. Is féidir leo bheith beag bídeach, pearsanta, greannmhar, agus éadrom. Cosúil le píosa ceoil nó píosa scríbhneoireachta, nó aon sórt léiriú cruthaitheach.

Ní gá duit a bheith i do ríomhchláraí ach oiread. Tá an t-uafás uirlisí ann anois le cluiche beag a chruthú san aon tráthnóna amháin agus na bunscileanna cruthaitheacha a fhoghlaim. Molaim féin Twine, Bitsy agus Puzzlescript mar phointí tosnaithe cuardaigh.

Rud eile a luafainn ná Game Jams, ócáidí dhá nó trí lá ag a ndéantar cluichí beaga gioblacha. Is bealach iontach iad preab a chur le do chuid foghlama, mholfainn go mór iad. Cuardaigh “Ludum Dare”, sin ceann na samplaí is clúití rathúla díbh.

MJM: Ar fheabhas! Bainfidh mé féin triail as sin! Is tusa an saineolaí sa réimse seo, ar mhaith leat aon rud a chur leis an méid atá pléite againn?

TERRY: Cinnte, cúpla rud faoi Dicey Dungeons agus an ceangal idir é agus Éirinn. Seans go gcuirfeadh daoine spéis sna Finscéalta agus sna Miotais a cuireadh le Dicey Dungeons. Is í Scáthach duine de na basanna, agus is í Aoife duine eile acu. Nuair a bhíos níos óige d’imríos an-chuid RPGs, an-chuid cinn Sheapánacha, agus caithfidh mé rá gur fhoghlaim mé an-chuid faoin tSeapáin uathu agus an oiread sin tagairtí iontu do mhiotais na Seapáine. Ní insítear scéal mór fada sna cluichí seo ná gar leis, agus a scéalta comhaimseartha féin sna cluichí, ach déantar tagairt do na miotais iontu agus bíonn siad ina dtúsphointí nó ina mbunús do scéalta na gcluichí. Go bunúsach, is cuid de dhomhan na ríomhchluichí na finscéalta agus na miotais, agus is breá liomsa sin!

Mar Éireannach ag cruthú RPG, bhíos i gcónaí ag iarraidh tagairtí do scéalta m’óige agus m’oidhreachta féin a chur le RPG. Ba bhreá liom é dá gcuirfeadh daoine spéis sna scéalta faoi Scáthach agus Aoife tar éis Dicey Dungeons a imirt, agus go n-aimseofaí scéal Thochmharc Eimhire na Rúraíochta dá bharr sin nó scéalta eile mar é má thuigeann tú mé!

An rud deireanacha a déarfaidh mé na go mba bhreá liom ceann de na scéalta seo a ath-insint trí ríomhchluiche lá éigin.

MJM: An-spéisiúil – d’imreoinn an cluiche sin agus imreoidh mé féin Dicey Dungeons! Go raibh míle maith agat as labhairt liom faoi seo, slán tamall!

TERRY: GRM, slán tamall!

Is féidir Dicey Dungeons a íoslódáil anseoanseo. Faoi mar a dheintear le cluichí indy an t-am ar fad, tá lascaine ar fáil dóibh siúd a cheannaíonn leagan den chluiche go luath! Tapaigh an deis go tapa!

Níos mó
NÓS | NÓS