Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Cuntais Ghaeilge le leanúint ar na meáin shóisialta

| PEIG |

Seo rogha PEIG.ie do chuntais shuimiúla Ghaeilge a bhfuil láithreacht acu ar na meáin shóisialta – caith súil orthu!

Má tá spéis agat sa Ghaeilge, nó má thaitníonn sé leat gaisce a dhéanmh le do chairde faoi do chuid eolais ar an nGaeilge, is fiú @theirishfor a leanúint. Cruthaithe ag Darach Ó Seaghadha, déantar cur síos ar fhocail sa Ghaeilge a bhfuil brí shuimiúil taobh thiar dóibh. Tá leabhar foilsithe ag Ó Seaghadha bunaithe ar an gcuntas, atá ar fáil ar Facebook agus Twitter, ”Motherfoclóir – dispatches from a not so dead language”.

Le déanaí tá an leabhar i ndiaidh gradam Irish Book Awards a bhuachan, agus tá podchraoladh iomráiteach faoin ainm céanna leis an Headstuff Podcast Network ag dul ó neart go neart. Is féidir dul chuig an bpodchraoladh anseo nó an leabhar a cheannach anseo.

Más foghlaimeoir thú, nó má tá tú ag tabhairt faoi scrúduithe Gaeilge go luath, is fiú go mór súil a chaitheamh ar an gcuntas Gaeilge Vibes. Díríonn sé go príomha ar chúrsaí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge: an ghramadach, nathanna cainte agus gnéithe spéisiúla eile chun an próiseas foghlama a éascú.

Cuirtear an t-ábhar i láthair i gcaoi atá fuarasta le tógáil isteach – trí mhéimeanna, imeartas focal agus modhanna spraíúla eile. Bí ag súil le roinnt ábhar grinn mar aon le heolas ginearálta faoi chúrsaí na Gaeilge. Tá Gaeilge Vibes ar fáil ar Facebook, Instagram, Twitter, YouTube agus ar Snapchat ag Gaeilge_Vibes

Cuntas ar leith is ea Coiste na bhFocal Nua a bhíonn ag plé le focail agus frásaí nua-aimseartha na Gaeilge. Cuireann siad béim ar ghliceas agus ar éadroime na teanga, go minic ag foilsiú liostaí d’aistriúcháin agus do ghiorrúcháin ón mBéarla a bhfuil an-chuid achmhainn grinn iontu.

Roineann siad ábhar ó chuntais Ghaeilge eile chomh maith a bhfuil spéis ag an bpobal iontu: giotaí filíochta, scéalta faoi theangacha an domhain agus blúiríní staire. Is cuntas é Coiste na bhFocal Nua gurb fhiú leanúint más spéis leat léargas a fháil ar cad atá ag tarlú i saol na Gaeilge ar líne. Tá siad ar Facebook agus Twitter.

Is cuntas físbhlagadóireachta é BLOC a chuireann ábhar éadrom ar fáil a d’fhéadfadh a bheith bunaithe aon rud faoin spéir; ó chúrsaí taistil go léirmheastóireacht go hagallaimh phearsanta le daoine éagsúla i measc an phobail.

Bunaithe ag TG4, tá BLOC ag dul go mór i bhfeidhm ar na meáin éagsúla le daoine ar nós Oisín Mac Giolla Bhríde agus Micheál Ó Ciaraidh ag déanamh an-obair ag cur an chuntais chun cinn. Is féidir teacht ar BLOC ar Facebook, Instagram, Twitter, YouTube agus Twitch.

Is é Spórt TG4 an cuntas a dhéanann soláthar ar na spóirt a thaispeántar ar stáisiún teilifíse TG4 ar líne. Ag baint úsáid as gearrthóga ó na craoltaí, cuirtear réimse leathan d’ábhar spóirt ar fáil ar bhonn leanúnach idir na scéalta is déanaí agus scéalta suntasacha eile ó chartlann TG4.

Cuirtear buaicphointí peile, iomána agus rugbaí chun cinn mar aon le roinnt spórt eile, ar nós na seoltóireachta agus an tsnámha. Má tá spéis agat i gcúrsaí spóirt agus Gaeilge, ba chóir duit Spórt TG4 a leanúint. Tá siad ar fáil ar Facebook, Twitter agus YouTube mar aon le suíomh TG4 é féin.

Cuntais luachmhara eile

ToghCon(@ToghCon ar Twitter amháin) Díríonn ToghCon ar pholaitíocht, nuacht agus imeachtaí sóisialta na Gaeilge, ag roinnt scéalta agus ábhar ó réimse an-leathan d’fhoinsí ar an idirlíon.

Memes na Gaeilge Cuntas grinn amach is amach é Memes na Gaeilge a chuireann béim ar ghreann agus clisteacht na Gaeilge le han-chuid imeartas focal agus aistriúcháin ghreannmhara. Beidh tú ag déanamh gáire os ard, geallann muid daoibh. Tá Memes na Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.

Pop Up Gaeltacht Is mór an tionchar atá ag teacht an Pop Up Gaeltacht ar stádas agus feiceálacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Roineann ceannchuntas na gluaiseachta eolas faoi na Pop Up Gaeltachtaí a bhíonn ag tarlú in Éirinn agus ag fud an domhain – ó Katmandu go Los Angeles agus níos faide i gcéin. Lean an cuntas agus seans go bhfeicfidh tu ceann ag tarlú i do cheantar féin. Tá siad ar fáil ag Facebook agus Twitter.