Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Bealaí le tús a chur leis an léitheoireacht Ghaeilge arís

| Dáithí Anraí |

An bhfuil suim agat tús a chur leis an léitheoireacht Ghaeilge arís? Tuigeann muid go mbíonn sé deacair uaireanta am a chur ar leataobh di. Seo daoibh ár moltaí faoi conas do shuim sa léitheoireacht a mhúscailt arís.

Tá traidisiún láidir gearrscéalaíochta ag na Gaeil

Is minic agus muid ag caint faoin léitheoireacht Ghaeilge go gcuireann úrscéalta agus leabhair lánfhada scanradh orainn. Má táimid ag dul i ngleic le focail agus téarmaí nach bhfuil ar eolas againn bíonn sé níos fusa uaireanta an leabhar a leagadh síos in ionad a bheith ag dul chuig an bhfoclóir gach dara leathanach.

Is é sin an fáth go bhfuil gearrscéalta i bhfad níos fusa le léamh ná aon chineál eile litríochta sa Ghaeilge, agus tá an t-ádh linn go bhfuil saibhreas domhain gearrscéalaíochta ar fáil inár dteanga dhúchais. Tá gearrscéalta níos tapúla agus níos gonta le léamh ná leabhair sna seánraí eile. Molann muid tús bog a thabhairt duit féin agus cnuasach deas a cheannach le do chuid suime i léamh na Gaeilge a mhuscailt arís. Aimsigh cnuasach gearrscéalta anseo.

Tá iliomad aistriúchán ar ardchaighdeán ar fáil anois

Tá taithí ag fórmhór na nGael leis an aistriúchán slí amháin nó slí eile. Bíodh sé na praistriúcháin ar chomharthaí bóthair nó ceachtanna scoile, tá cur amach ag lucht labhartha na Gaeilge air. Is ionann an cás i dtaobh na leabhar atá aistrithe go Gaeilge ó theangacha eile an domhain.

Tá an-chuid de na mórshaothair dhomhanda agus Éireannacha ar fáil i nGaeilge sa lá atá inniu ann, leithéidí An Prionsa BeagCluiche na Corónach, nó Na Cailleacha. Tugann na saothair aitheanta seo deis duit tabhairt faoi scéal atá ar eolas agat cheana féin, ag éascú phróiseas na léitheoireachta go mór mór. Tiocfaidh do chuid réamheolais ar an scéal i gcabhair má tá tú ag dul i ngleic le ailt chasta le friotal nach bhfuil aon chleachtadh agat air.

Ná déan neamhaird ar na tacaíochtaí luachmhara seo

Le blianta beaga anuas tá borradh as cuimse tagtha ar na hacmhainní foclóireachta atá ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Le teacht Teanglann.ieTéarma.ie agus Foclóir.ie, tá fáil ar áiseanna teanga anois níos mó ná am ar bith roimhe seo. Déan do dhícheall úsáid cheart a bhaint as na forbairtí nua seo.

Suíomhanna áisúla sciobtha iad na cinn atá thuasluaite, agus tiocfaidh an luas sin i gcabhair ort agus tú i mbun léitheoireachta. Ní thuigeann aon duine gach uile fhocal sna leabhair a léann siad. Ná bíodh lagmhisneach ort má tá gá le cúpla cuairt a thabhairt ar na ríomhfhoclóirí. Foghlaimeoidh tú i bhfad Éireann níos mó agus bainfidh tú níos mó taitnimh as an scéal atá i gceist nuair a thuigeann tú na focail fhileata thuairisciúla sin. Tá aipeanna ar fáil freisin saor in aisce ar an Appstore agus Playstore araon.

Tá pobal léitheoireachta Gaeilge faoi bhláth ar an idirlíon

D’fhéadfadh an léitheoireacht Ghaeilge a bheith beagán uaigneach má tá domhan an Bhéarla mórthimpeall ort go laethúil. Go háirithe más maith leat plé nó cáineadh a dhéanamh ar an leabhar atá díreach críochnaithe agat, is minic nach mbíonn mórán deiseanna den saghas sin ann i gcás na leabhar Gaeilge. Léiríonn Clubleabhar.com nach iomlán fíor an méid sin áfach.

Gach mí, roghnaítear leabhar ar leith atá le léamh ag na baill agus leanann plé ar na fóraim agus podchraoltaí le léirmheastóirí agus criticeoirí mór la rá. Caitear súil ar leabhair ó sheánraí éagsúla, idir shean agus nua, idir aistriúcháin agus úrscéalta grafacha le húire a choinneáil leis ó mhí go mí. Anuas air sin, tá liosta de ghréasán na gclub leabhar Gaeilge in Éirinn agus thar lear acu ar an suíomh anseo. Seans go bhfuil ceann ar siúl i do cheantar féin.

Ná cuir tús arís le léitheoireacht Ghaeilge i d’aonair. Bíodh Clubleabhar.com mar do chomrádaí ar d’aistear. Bíonn plé bríomhar ar Twitter i gcónaí faoi leabhair Ghaeilge atá i mbéal an phobail – ná bíodh imní ort do chuid tuairmí a roinnt leis na Gaeil léannta eile!

Is é Comhar an iris Ghaeilge is mó clú ar an bhfód

Is foilsitheoir irise agus leabhar é Comhar atá ar an bhfód le fada an lá. Foilsíodh an iris don chéad uair sa bhliain 1942 agus ó shin tá Comhar tar éis saothair de chuid beagnach gach mórscríbhneoir Gaeilge a fhoilsiú: Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ina measc.

Sa lá atá inniu ann is ar bhonn míosúil a eisítear Comhar agus déantar plé ar chúrsaí polaitíochta, scríbhneoireachta, litríochta agus teanga. Go háirithe sa dara leath de gach eagrán, cuirtear spás ar fáil do scríbhneoirí, filí agus léirmheastóirí a gcuid saothar agus tuairimí a roinnt le lucht léite na hirise. Ceannaigh cóip den iris Comhar sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath nó in áiteanna eile. Más maith leat blaiseadh a fháil de litríocht na Gaeilge, molann muid Comhar leis an mblaiseadh sin a thabhairt duit. Is féidir cóip aonair a cheannach ar €4 nó síntiúis a cheannach anseo.

Cén áit gur féidir liom leabhair Ghaeilge a cheannach?

Tá an t-úafás díoltóirí leabhar Gaeilge.

Tá An Siopa LeabharAn Ceathrú PóilíSiopaGaeilge.ieSiopa.ieÚdar.ieLitríocht.ieSiopa.Gael-Linn.ie agus eile.

Is féidir na leabhair a cheannach díreach ó na foilsitheoirí chomh maith. Tá Cois LifeCló-Iar ChonnachtCoiscéimLeabhar Breac, Éabhlóid, EvertypeAn GúmFuta Fata agus eile.