The Irish language information hub:
News, events, job vacancies & more

Grianghraf Bliain na Gaeilge 2018

Imeacht teaghlaigh iomlán saor in aisce ar Dhuga Sheoirse, Domhnach 20 Bealtaine mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Beidh Féile na Gaeilge, ollcheiliúradh ar chultúr agus teanga na hÉireann, ar siúl ar Dhuga Sheoirse, Cé Theach an Chustaim ar an Domhnach 20 Bealtaine. Léirithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, is turas lae í Féile na Gaeilge a bhfuil oiriúnach don teaghlach ar fad – pé leibhéal Gaeilge a bhfuil acu.

Beidh réimse leathan d’imeachtaí agus spraoi don teaghlach uilig ag an imeacht saor in aisce i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Is féidir do scileanna rithim a fhorbairt ag ceardlanna bodhráin a bheidh á múineadh ag Rossa Ó Snodaigh, rince ar an sean-nós a fhoghlaim, sult a bhaint as ceol beo ó Cian MacGearailt, éisteacht le scéalaíocht ó bhéal nó do scíth a ligean is tú ag breathnú ar scannáin as Gaeilge. Beidh neart ann do pháistí chomh maith cosúil le péinteáil aghaidhe, timpeallán spraoi agus seisiúin Q&A le sióg speisialta!

Beidh Comhaltas, eagraíocht a dhéanann teanga, ceol, amhránaíocht agus rince na hÉireann a chur chun cinn, i láthair ag Féile na Gaeilge le taispeántas ar chultúr spleodrach na tíre. Lonnaithe díreach in aice le hiarsmalann EPIC, beidh lascaine ar fáil uathu ar an lá le cuairt a thabhairt ar na taispeántais idirghníomhacha ann. Beidh foireann Bhliain na Gaeilge ann chomh maith le moltaí a thabhairt ar conas gur féidir páirt a ghlacadh sa bhliain.

 Ag labhairt ag seoladh Féile na Gaeilge, dúirt an tArdmhéara Mícheál MacDonncha, “Is imeacht den scoth í Féile na Gaeilge le deis a thabhairt do mhuintir Átha Cliath, ar aon aois, ár gcultúr, a aithnítear fud fad na cruinne , a bhlaiseadh. Is príomhghnéithe ó stair na tíre iad scéalaíocht agus ceol agus is iontach an rud é go bhfuileadar a cheiliúradh againn i gcroílár Bhaile Átha Cliath.”

 Lean sé, “Cuireann sé ríméad orainn gur féidir linn an t-imeacht a chuir ar siúl ar Dhuga Sheoirse, i lár na cathrach, agus gur féidir linn cuireadh a thabhairt do theaghlaigh teacht is an teanga, ceol agus rince a cheiliúradh. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge lárnach i saol na príomhchathrach.”

 Dúirt Síomha Ní Ruairc, comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, “Le linn Bhliain na Gaeilge tá súil againn níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine lena gcuid Gaeilge a úsáid ná riamh. Is ceann de na deiseanna seo í Féile na Gaeilge, agus is lá iontach lán de spraoi do theaghlaigh a bheidh ann. Tá an-áthas orainn gur féidir linn a bheith páirteach in imeacht chomh spleodrach. Bígí linn!”

 Tá Féile na Gaeilge á léiriú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus á tacú ag Conradh na Gaeilge.

 

 

 

Read 800 times
Rate this item
(0 votes)

Featured Events