Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fáilte Romhat chuig SULT!

Is féile ceoil agus imeacht pobal bhunaithe í SULT. Féile ceoil atá eagraithe ag bunadh an phobail agus a rachaidh chun tairbhe dar bpobal áitiúil. Beidh an féile ceoil seo atá a reachtáil faoin aer ar siúl ar bhinn bhliantúil, le hairgead a chruinniú do ghrúpaí beaga pobail bhunaithe atá ag gníomhú agus ag feidhmiú go haitil ar mhaithe lena bpobal féin. Chomh maith le sin, tabharfaidh an féile ceoil seo ardán, i gcroí lár phobal Ghaoth Dobhairdon chuid is fearr de cheoltóirí, Áitiúla, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, le deis a thabhairt do idir, bhunadh na háite agus cuairteoirí sult agus tairbhe a bhaint as an chuid is fearr de cheol beo amuigh faoin aer.

Chomh maith le tacaíocht airgeadas a chur ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla, is é an aidhm atá againn nó SULT, a láidriú agus a neart bliain i ndiaidh na bliana. Tá muid ag iarraidh go gcuirfí Gaoth Dobhair ar ais ar an léarscáil aríst, mar cheantair spraoiúil, siamsúil agus tarraingteach le cuairt a thabhairt air, ní amháin le radharc na súl agus pléisiúr a fháil as an tírdhreach álainn, idir áilleacht mara agus tíre, ach pleisiur a bhaint as na tránna fairsinge, galánta atá fan taobh seo tíre chomh maith. Anuas ar an méid seo tá mudi ag iarraidh taithí an fhéile mór ceoil faoin aer a bhunú agus a bhunadh ins an cheantair don té gur dual leis é.

Creideann muid go bhfuil na múrtha seodra agus nithe tarraingteach againn i nGaoth Dobhair, nach bhfuil ar fáil nó ar chumasc féilte eile a mheaitseáil agus beidh muid ag cur an méid seo i mbéal an phobail agus na tíre sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn.

 

 

Read 66 times
Rate this item
(0 votes)