Tá an tOireachtas ag tabhairt faoi phlean oibre a ullmhú maidir le “Todhchaí na Drámaíochta Gaeilge” a thabharfaidh aghaidh ar an drámaíocht amaitéarach go príomha.
Chuige sin, ba mhór ag an eagraíocht moltaí a fháil uathu siúd atá rannpháirteach agus ag tabhairt faoi dhrámaíocht Gaeilge a fhorbairt, a chothú agus a chur chun cinn.
Beimid fíorbhuíoch as moltaí a fháil chun go mbeidh deis ag an eagraíocht aghaidh a thabhairt ar na moltaí seo agus plean na heagraíochta á ullmhú.
Is gá an ceistneoir a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig Laura Rawdon, Oifigeach Gréasán ag laura@antoireachtas.ie roimh 25 Bealtaine 2017.
Beidh na moltaí seo le plé ag an Seisiún Comhairliúcháin maidir le Todhchaí na Drámaíochta Gaeilge a bheidh á reáchtáil ag an Oireachtas ar 1 Meitheamh 2017 ag 7.00i.n., 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Tá áthas ar an Oireachtas fáilte ó chroí a chur roimh Ray Mac Mánais, Uachtarán an Oireachtais 2016 a bheidh mar Chathaoirleach ar an seisiún.
Cuireann an tOireachtas fíorfáilte roimh chách a bhfuil spéis acu san ábhar seo bheith i láthair ag an seisiún agus moltaí a sheoladh ar aghaidh roimh an spriocdháta thuasluaite.