Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seimineár 2018

Conradh na Gaeilge

(1893-2018 ar aghaidh)

Satharn: 26/5/18 10.00am - 1.30i.n

Óstán Breaffy Woods,

Caisleán an Bharraigh

 

Á sheoladh ag an Seanadóir

Michelle Mulherin

 

I nDílchuimhne

Oonagh Bn Uí Shuilleabháin Chéilleacháir

Rugadh agus tógadh Oonagh Ní Chéilleachair i gCo Longfoirt. Tháinig sí go Maigh Eo i 2008 ag obair mar Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Mhaigh Eo. D'fhág sí a rian ar ghluaiseacht na Gaeilge sa chontae seo i mbealach nach ndearna duine ar bith eile. Chothaigh sí gaol ar leith idir Gaeltachtaí Mhaigh Eo a bhí chomh gar sin lena croí. Rinne sí obair na gcapall ar Thóstal Mhaigh Eo i 2013 nuair a tháinig thart ar scór go leith duine ó Ghaeltacht Cheanada ar cuairt go Mhaigh Eo. Fuair sí bás tar éis tréimhse breoiteachta i Lúnasa 2017

 


Seán Ó hÉalaí

Sciob an bás Seán Ó hÉalaí uainn ag tús na bliana seo. Gníomhaí mór ar son na Gaeilge a bhí ann ar feadh a shaoil. Bheadh leabhar ag teastáil le cur síos ceart a dhéanamh ar a chuid oibre do chúis na Gaeilge. Rugadh in Acaill é agus chuaigh sé go Londain ag obair. Bhí an t-adh linn gur tháinig sé go Caisleán an Bharraigh in 1967 mar Thimire do Chonradh na Gaeilge agus bhunaigh sé craobhacha den Chonradh ar fud an chontae. Cuir sé beocht agus borradh sa Chonradh i Maigh Eo ag an am. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair do Manower agus FÁS. Ansin chaith sé na blianta ag obair mar Chlár Reachtaire do RnaG. Rinne sé obair ollmhór ag taisteal ar fud Mhaigh Eo go háirithe sna Gaeltachtaí ag taifeadadh cláracha den scoth. Ní bheidh a leithéid ann arís.

 


Fiachra Mac Gabhann

Fuair laoch eile na Gaeilge bás i mbliana agus é i mblath na hóige. Bhí cónaí ar Fhiachra Mac Gabhann i gceantar Phartraí ó bhog sé anall as Co. Lú i 2001. Bhí céimeanna sa Bhéaloideas agus sa Cheiltis aige agus ba bhall de bhord eagarthóireachta na hirise Béaloideas é le roinnt blianta anuas. I measc a foilsiodh leis tá leabhair ar logainmníocht Aontroma agus 10 n-imleabhar logainmneacha ar bhailte fearainn Mhaigh Eo agus altanna ar litríocht agus bhéaloideas thuaisceart Chonnacht. Scoláire den scoth a bhí ann a bhí sásta a chuid eolais a roinnt linn go fial ag seimineáir agus léachtaí. Mairfidh a chuimhne tríd a chuid leabhar.

 


Mícheál Ó Seachnasaigh

Fuair Mícheál Ó Seachnasaigh bás i mí Feabhra na bliana seo, Gaillimheach go smior a tháinig go Caisleán an Bharraigh na blianta ó shin mar sháirsint sna Gardaí. Gaeilgeoir agus Conraitheoir thar a bheith dílis a bhí ann i gCraobh an Phiarsaigh agus sa Choiste Dúiche Cainteoir agus amhránaí den scoth ab ea é, talann a léirigh sé go minic ag oícheanta gaelacha. Thar aon rud eile ba bhreá an chudeachta é. Gan dabht braithfidh muid uainn go mór ‘crann darach’ na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh.

 


Colmán Ó Raghallaigh

Cathaoirleach: Colmán Ó Raghallaigh

As Clár Chlainne Mhuiris dó. Chaith sé 35 bliain mar bhunmhúinteoir. Céimeanna MA sa sean agus sa nuaGhaeilge aige. Breis is 90 Leabhar foilsithe aige. Tá go leor duaiseanna buaite aige as a chuid leabhar. 7 leabhar grafacha foilsithe aige bunaithe ar scéalta móra na hÉireann. Gníomhaire pobail agus teanga é. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Dúiche Mhaigh Eo

 
_________________________________________________________________________________________

Léachtóirí:

 

10.05am Máire Harris

Teideal: Eoin Mac Néill , Dubhghlas De hÍde agus Conradh na Gaeilge

Rugadh agus tógadh Mary Harris i gcathair Chorcaí. Bhain sí BA agus MA amach i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh Bhain sí PhD amach i gCambridge. Tháinig sí go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, i 1996 áit a bhfuil sí ina léachtóir sinsearach anois. Faoi láthair tá sí ag obair ar thionscnamh ar thionchar Eoin Mhic Néill ar ghluaiseacht na Gaeilge agus ar ghluaiseacht na saoirse.

 

 

10.45am Comóradh ar bheirt Ghaeilgeoirí a fuair bás i rith na bliana


Oonagh Uí Shúilleabháin Céileacháir – Cur síos le Máirtin G. Ó Maicín


Fiachra Mac Gabhann – Cur síos le Freda Nic Ghiolla Chatháin


Mícheál Ó Seachnasaigh – cur síos le Colmán Ó Raghallaigh

 
11.10 Briseadh -Soláistí

11.30am. Uná Ní Ghabhláin

Teideal: Seán Ó hÉalaí agus Conradh na Gaeilge i Maigheo.

Rugadh Úna i bparóiste Achadh Mór in oirthear Mhaigh Eo, Ta sí ina ball de chraobh Chaislean an Bharraigh de Chonradh na Gaeilge le 50 bliain anuas. Bhí sí ina comhalta de Bhord na Gaeilge 1982 – 1986. Ba í an chéad bhean a ceapadh ar choiste Chumann na Sagart. Fuair sí Gradam Rehab na Gaeilge in 2010.


12.15am. Julian De Spáinn

Teideal: Ról an Chonartha sa lá atá inniú ann agus sa Todhchaí

Is duine é Julian de Spáinn a bhfuil cáil nach beag bainte amach aige mar fhear cúise. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006.

1.00pm. Plé ar na Léachtanna

Taispeántas sa Seomra léachta

1 . Léiriú dátheangach ar scéal Chonradh na Gaeilge

2. Taispeántas ó Chraobhacha Éagsúla sa Chontae ar obair an Chonartha.


Conradh na Gaeilge / Togra Mhaigh Eo

Read 227 times
Rate this item
(0 votes)