Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

 

Tá Pop Up Gaeltacht ag teacht go dtí an Muileann gCearr don chéad uair (faoi dheireadh)! Tar éis dúinn an chéad oíche a chur ar athló mar gheall ar an drochaimsir sé seachtaine ó shin, táimid ar ais agus táimid níos Gaelaí ná riamh!

Ócáid shóisialta, neamhfhoirmiúil a bheidh i gceist do dhaoine sa Mhuileann gCearr (agus na ceantair mórthimpeall air) atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid, a labhairt agus a chleachtadh agus oíche thaitneamhach a bheith acu trí mheán na Gaeilge! Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh gach aon duine, idir óg agus aosta.

Is cuma más tosaitheoir nó cainteoir dúchais thú, gheobhaidh tú áit duit féin agus buailfidh tú le cairde, idir shean agus nua! Beidh gach rud ag titim amach in Canton Casey's (41 Sráid an Phiarsaigh), i lár an bhaile ón 8i.n. ar aghaidh.

Feicfimid an sibh!

Ócáid ar Facebook: https://www.facebook.com/events/219215281982677/ Leathanach Facebook: https://www.facebook.com/puganmuileanngcearr/

Read 129 times
Rate this item
(0 votes)