Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tá fáilte chroíúil á cur roimh phobal na Gaeilge i mBleá Cliath agus roimh chuairteoirí as áiteacha eile bualadh isteach chuig an imeacht suimiúil dúshlánach seo ina dtabharfaidh triúr ball de Mhisneach caint ar ghnéithe éasgúla den streachailt atá ar bun ar son todhchaí phobal na Gaeilge.

Labharfaidh Seanán Mac Aoidh, atá ina chónaí i mBéal Feirste, ar ról na heagraíochta Misneach agus ar naimhdeas an Stáit Éireannaigh.

Labharfaidh Katie McGreal, príomh-eagarthóir an irisleabhair Mionlach, ar an Fheimineachas mar chuid de chúis na nGael.

Labharfaidh Ben Ó Ceallaigh, sochtheangeolaí, pleanálaí teanga agus ball gníomhach de Mhisneach ar chomhthéacs eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta na streachailte.

Tá muid ag dréim go mór le comhrá a bheith againn leis na daoine a bheas i láthair fá na ceisteanna tábhachtacha seo agus fán dóigh is fearr le dul i gceann na hoibre.

Bígí ann, ní bheidh lá aithreachais oraibh!

Ionad an Phiarsaigh
27 Sráid an Phiarsaigh
BÁC 2
Déardaoin 21ú Meitheamh
@19.30

https://www.facebook.com/events/2067825970172981/

Read 178 times
Rate this item
(0 votes)