Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlann leathlae ar theicnící ficsin do scríbhneoirí próis. Conas tús láidir, mealltach a chur le gearrscéal, úrscéal nó splancscéal; cén dóigh le carachtair a fhorbairt agus iad a léiriú trí chomhrá, gníomh nó tost; plé ar dhúshláin eile sa scríobh agus san athscríobh. Beidh cleachtaí scríbhneoireachta mar chuid den obair, mar aon le scrúdú ar shleachta próis den scoth. Fáilte roimh scríbhneoirí úra agus scríbhneoirí ar foilsíodh cuid éigin dá saothar. 

Tá an-iomrá ar úrscéalta Anna Heussaff: ina measc, Sárú, mistéir don aos óg (CIC 2017), agus Scáil an Phríosúin, úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta (CIC 2015). Is blagálaí agus gearrscéalaí í Réaltán  Leannáin. Is féidir roinnt dá cuid scríbhneoireachta a léamh ar a blag, turasailse.blogspot.ie

Léigh tuilleadh faoin imeacht seo anseo

Read 158 times
Rate this item
(0 votes)