Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bígí le Reic agus Imram Féile Litríochta Gaeilge leis an Nollaig a cheiliúradh go fial fileata!

Is oíche 'tóg an mic' í REIC, a chuireann fáilte roimh chách agus roimh gach cineál cur i láthair: 
☆ filíocht,
☆ ceol,
☆ scéalta,
☆ amhránaíocht,
☆ splancfhicsean,
☆ rap,
agus eile.

AR AN ARDÁN:

//DAIRENA NÍ CHINNÉIDE// agus //STEVE COONEY// ar an ngiotár léi:
https://www.youtube.com/watch?v=YxnKpwMaKX4 

//MAITIÚ Ó COIMÍN// ag léamh sleachta óna leabhar 'Duan na Nollag':

https://www.leabharbreac.com/en/products.html/duan-na-nollag

//ALEX HIJMANS//, ag léamh óna chnuasach nua 'Idir Dhá Thír'
https://alexhijmans.wordpress.com/gaeilge/litriocht/idir-dha-thir/


agus neart eile nach iad!

Beidh píoga mionra againn daoibh, agus braon uisce beatha do gach éinne a thagann chun ardáin. 

Más mian leatsa páirt a ghlacadh, seol rphost chuig reic.eire@gmail.com, nó díreach abair le Ciara é ar an oíche!

** oiriúnach don 'bhus deireanach' **
Doirse: 19:30, tús 20:00, críoch 22:30 ar a dhéanaí.

Téigh chuig an imeacht ar PEIG.ie anseo

Read 309 times
Rate this item
(0 votes)