Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-na-mi-+-4-imeacht-eile

Féile na Mí + 4 imeacht eile

| Sinead Ni Uallachain |

Féile na Mí // Ráth Chairn 15-16 Samhain

An bhfuil gormacha an Oireachtais oraibh? Má tá, bí ar an eolas, mar is iondúil, coicís i ndiaidh na féile, go mbeidh deis arís eile agaibh a bheith i measc na nGael ag ócáid ar a dtugaimse an ‘Mini-Oireachtas’ air!

Sin gan dabht, Féile na Mí, a bheidh ar siúl i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí ón lá inniu ar aghaidh. I rith an deireadh seachtaine, beidh comórtais amhránaíochta, bodhráin agus rince, do dhaoine óga agus fásta, agus duaiseanna breátha le buachtaint. Beidh seisiúin cheoil sa Bhradán Feasa, tábhairne na háite, agus is ann sa halla a bheidh club na féile ar bun chomh maith. Bainíg súp as!


Cara sa Chúirt // camchuairt timpeall na tíre, 16-30 Samhain

Beidh an dráma Cara sa Chúirt, de chuid an chomhlachta Mumbro Top, ar camchuairt an tseachtain seo chugainn. Taistealóidh cliar an dráma ón nGaillimh go Maigh Eo, soir go Co. na Mí agus ó dheas go Corca Dhuibhne ag scaipeadh an ghrinn.

Ní hamháin go mbaineann greann go mór le saothar an chomhlachta, ach mar atá léirithe acu sa seó seo, tá aoir ghéar ina gcuid scéalaíochta chomh maith. Páirteach tá na haisteoirí Eoin Ó Dubhghaill agus Eilís Carey agus iad faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh, atá, mar a tharlaíonn, i bhfeighil an chomhlachta chomh maith. Tá taithí mhaith acu ar an dtaisteal agus a gcuid léirithe curtha ar stáitsí san Ardchathair, ag an bPicnic Leictreach, sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus áiteanna eile nach iad. Go n-éirí ádh leo ar an turas áirithe seo.

An Taibhdhearc, 16 Samhain @ 20:00;

Áras Inis Ghluaire, 23 Samhain @ 20:00

Halla Ráth Chairn, 29 Samhain @ 20:00

Halla na Feothanaí, 30 Samhain @ 20:00


Clé Club / Halla na Saoirse, BÁC, Dé Céadaoin 20 Samhain @ 20:00

Is é John Sheahan ó The Dubliners aoi speisialta na míosa seo ag an ‘Clé Club’, agus an giotáraí Michael Howard ina theannta. Is i Halla na Saoirse a bhíonn na hócáidí rialta seo ar bun – club amhránaíochta agus ceoil do chách!

Beidh fáilte rompu siúd a bheidh i láthair amhráin a rá más áil leo é i gcaitheamh na hoíche.


Áirneán Árann // Amharclann na Taibhdheirce, Cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin 20 Samhain @ 20:00

Is dírithe ar mhuintir Oileáin Árann a bheidh ócáid faoi leith sa Taibhdhearc Dé Céadaoin seo chugainn. ‘Áirneán Árann’ atá air,agus é eagraithe ag Arts in Action, i gcomhpháirt le lucht na hamharclainne.

Is iad muintir na n-oileán a bheidh páirteach san imeacht, ag a mbeidh meascán de cheol, de chaint agus de dhrámaíocht. I measc na n-aíonna beidh Macdara Ó Fátharta ó Inis Meáin, an file Mary O’Malley, muintir cheolmhar Uí Chonaola ó Inis Oírr – Dara, a mhac MacDara agus a iníon Lasairfhíona – mar aon leis an gceoltóir Oisín Ó hIarnáin agus an t-amhránaí sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin, a d’eisigh album aonair ansin le déanaí dar teideal Lán Mara.

Tá súil agam go mbeidh an t-ionad lán go béal don ócáid phléisiúrtha seo i lár Chathair na dTreabh. Buail isteach má tá sibh sa chomharsanacht.


Seoladh ‘Treaspásóir: Trespasser’ le Mícheál Ó Ruairc // An Siopa Leabhar, Conradh na Gaeilge, BÁC, Déardaoin 21 Samhain @ 18:00

Treaspásóir: Trespasser teideal chnuasach nua filíochta fhear léinn na Ríochta Mícheál Ó Ruairc. Is bailiúchán dátheangach atá i gceist, foilsithe ag Arlen House.

Is Mícheál eile, file iomráiteach eile, a sheolfaidh i Siopa an Chonartha Déardaoin seo chugainn. Beidh fíon, caife agus sólaistí ar fáil ar an oíche!

Níos mó