Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

In san 11ú bhliain den fhéile tá Féile Bia Iarthar Phort Láirge ag Céilúradh ár bhFeirmeoirí, ó mhuir agus ó thír

Gach bliain le linn Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge tagann an baile is an ceantar le chéile i gcomaoin chun réimse eachtraí a sholáthar i gclár suimiúil, lán go barra le caidreamh agus le bia den scoth. I mbliana sé an príomh-théama atá acu ná ‘Céilúradh ár bhFeirmeoirí, ó mhuir agus ó thír.’

I mbliana, an 11ú bhliain, beidh an fhéile ar siúl ón Aoine 20 go Domhnach 22 Aibréan. Tosaíonn an fhéile i mbliana le Camcuairt Tapas Phort Láirge, féasta inaistrithe a thugann seans do dhaoine miasa speisialta i rogha de bhialanna difriúla a bheith acu. Slí iontach sóisialta atá sa chamchuairt chun aithne a chur ar an bhféile muinteartha seo.

 

Chomh maith leis sin, óiche Dé hAoine, cruthóidh Chef Martijn Kajuiter, atá ag ceiliúradh deich mbliana sa Cliff House Hotel, dinnéar ‘Bhord an Chócaire’ i mbialann an óstáin, a bhfuil réalt Michelin aige. Tá dlúthchaidreamh ag Martijn leis na táirgeoirí áitiúla agus cuireann sé a dtáirgí álainne ar thaispeáint trí roghchlár snasúil comhroinnte a chur ar fáil. Cosnaíonn dinnéar ‘Bhord an Chócaire’, le péireáil bua fíona, urraithe ag Wines from Spain, € 95 an duine agus tosaíonn sé ar a 8i.n.

 

Beidh cócaire Mheicsiceo agus comh-úinéir Picado Mexican PantryLily Ramirez-Foran, ag cruthú bhia ó Mheicsiceo in ionad neamhghnách - Grúdlann Dhún Garbhán (Dungarvan Brewing Company), Dé hAoine chomh maith, le blaiseadh de raon bheoir den scoth na grúdlainne ar fáil. Ag maireachtáil agus ag cócaireacht in Éirinn ar feadh 15 mbliana, is í Lily an bhean atá taobh thiar den bhlag bia cáiliúil, A Mexican Cook, agus atá ar mhisean chun bia Mheicsiceo a thaispeáint thar na clichés agus steiréitíopaí - mar sin is deis iontach í seo bia Mheicsiceo a bhlaiseadh.

 

I measc na n-imeachtaí eile oíche Dé hAoine, tá na Suipéir Rúnda, gné nua ag an bhféile ina mbeidh ceithre chócaire - Eunice Power, Shane McGrath (The Cliff House Hotel), Arun Kapil (Green Saffron) agus Chris McGowan (Wine & Brine) ag cócaireacht do ghrúpa beag aíonna i suíomh rúnda. Beidh ceithre dhinnéar galánta á gcruthú ag ceithre phríomhchócaire an-éagsúil agus leagtha amach i gceithre bhaile difriúil sa cheantar, agus tá líon na n-aíonna thar a bheith teoranta - faigh bhur dticéidí go luath!

 

Dé Sathairn, buail le Peter Mulryan ó Blackwater Distillery i Merry's 1868 ag 5in chun stair rúnda Apsaint: An Sióg Glas a fhoghlaim. Réamhtheachtaí ar 'Happy Hour' aitheanta an lae inniu, d’aistrigh L'Heure Verte caiféanna na 19ú haoise isteach in áiteanna cruinnithe iontacha d’ealaíontóirí agus do dhaoine chruthaitheacha, iad uilig ag roghnú an ‘Sióg Glas’ mar an deoch b’ansa leo. Bain taitneamh as draíochtL'Heure Verte agus foghlaim níos mó faoi na luibheolaíocha atá mar bhunús an dí trí shamplaí a bhlaiseadh ó gach cearn den Eoraip, chomh maith leis an gcéad apsaint in Éirinn. Costas: €15 an ticéid.

 

Le haghaidh suipéir le difríocht Dé Sathairn, beidh dráma nua, Charolais, scríofa agus curtha i láthair ag Noni Stapleton, ar siúl i Marglann Dhún Garbhán. Dráma 70 nóiméad a insíonn scéal dúghrinn neamhghnáthach faoi ghrá, tnúthán, agus iomaíocht dian, idir bean agus bearach Charolais. Go hoiriúnach, beidh stobhach mairteola cruthaithe ag Eunice Power ag dul leis an seó seo.

 

Leanann an Tannery le traidisiún na bhféile trí thaispeantais ó chócairí cumasacha. I mbliana beidh Catherine Fulvio agus Derry Clarke ag obair le Paul Flynn sa chistin chun lón an Domhnaigh i stíl Lords and Ladles a chruthú. Ag tosú ag 12.30in, costas €55 an ticéid agus is féidir ticéidí a chur in áirithe leis an Tannery.

 

Dé Domhnaigh tagann an t-iriseoir Catherine Cleary ar ais i gcomhair sheisiún speisialta na féile de ‘The Appetite Talks’ dar teideal ‘Food Aisle or Food Isle’. Ar siúl óna 1-3i.n., is caint láidir bríomhar é seo, atá ag diriú ar cad atá i ndán do bhia agus don bhfeirmeoireacht Éireannach, áit a mbeidh saineolaithe ag tabhairt a dtuairim ar staid bhia na hÉireann faoi láthair agus sa todhchaí.

 

Gach lá i rith Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge tá sceideal gnóthach de rianta agus de chuairteanna ar ábháir éagsúla, ar nós feamainne nó foraoiseachta; turasanna suimiúla i mBusanna Bia trí Iarthar Phort Láirge ag buaileadh le feirmeoirí agus le táirgeoirí áitiúla, nó ag dul i ngleic leis an iliomad cainteanna, blaiseadh, díospóireachtaí painéil, scannáin agus taispeántais atá á reáchtáil ar fud an bhaile don deireadh seachtaine.

 

Mar is ghnáth d’Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge, glaonn an t-uisce chugainn, le Satharn Cois Cé, a thugann deis taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí spraoiúla cosúil le Rás na Lachan de chuid an RNLI, bia mara spleodrach a thriail is tú ag brabhsáil na stallaí, na buanna in Ollphubal na Mara a fheiceáil, nó na radharcanna álainne cois cladaigh. Eachtra tábhachtach eile, a bhfuil an-tóir air i ngach Féile Bia is eaMargadh na bhFeirmeoirí, ar siúl i mbliana ar an Domhnach, 22 Aibreán. Ceann de na margaí bia is mó ar an oileán, is é seo an bhliain is mó fós le níos mó ná 100 stallaí ag taispeaint earraí na dtáirgeoirí agus na gceardaithe is fearr ón gceantar, chomh maith le sceideal iomlán siamsaíochta beo agus taispeántais cócaireachta Meet the Makers.

 

Imeachtaí eile tábhachtacha gach bliain atá lárnach i bhFéile Bia Iarthar Phort Láirge arís i mbliana ná Cócaireacht na nÓg, le clár ar fáil do gach aois ó naíonán go déagóirí. Mar a deirtear, “mol an óige agus tiocfaidh sí” agus mar sin i mbliana tá rogha mór leathan ceardlanna don chlann uilig.

 

Aon bhliain déag de bhia den scoth agus spraoi na féile atá á chéiliúradh ag Féile Bia Iarthar Phort Láirge i 2018, agus i mbliana tá béim speisialta ar a bheith dátheangach, le mian acu a bheith mar an chéad fhéile bia le bróisiúr dhátheangach, eachtraí & gníomhaíochtaí dhátheangach, agus stalla ag an margadh chun cuairteoirí a mhealladh chun Gaeilge a labhairt.

 

Tagann chef agus cócairí, táirgeoirí, mangairí & iad siúd le dúil ‘s grá don bhia chuig baile Dhún Garbhán ón 20 – 22 Aibreán chun an fhéile bhia Éireannach iontach seo a chomóradh. Le cónaisc bia & deoch thar chionn, eachtraí mealltacha, bialanna ‘pop-up’, ceann des na margaí is mó in Éirinn, camchuairt & conair, cócaireacht na n-óg, i measc go leor, leor eile, ‘sí Féile Bia Iarthar Phort Láirge an fhéile nach mór cuairt a thabhairt uirthi.

 

Beidh na sonraí uilig don chlár i mbliana ar fáil ón suíomh gréasáin ón 21 Márta. Chun áirithint a dhéanamh nó tuilleadh eolais a fháil is féidir glaoch a chur ar 058 41741 nó cuairt a thabhairt arwww.westwaterfordfestival.com Faigheann Féile Bia Iarthar Phort Láirge tacaíocht ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Fáilte Éireann, agus urraíocht ó Flahavan’s, Glanbia, Dawn Meats, Garvey’s SuperValu, Eurofins, Blackwater Distillery, Coillte, FBD, LocalLink, Flogas agus an pobal gnó áitiúil atá mar bhaill de Chiorcal na gCairde.

 

Tá áthas orainn fáilte a chur romhat chun páirt a ghlacadh i gCéilúradh ár bhFeirmeoirí, ó mhuir agus ó thír, agus chun sult a bhaint as toradh ár saothar blasta, ag an bhféile fáilteach muinteartha seo.

Read 228 times
Rate this item
(0 votes)