Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beidh Féasta Sráide ar siúl againn Dé Domhnaigh seo chugainn 5 Bealtaine ag 3in sa Bhoth i gContae Mhuineacháin (Scotstown).
Mar chuid den imeacht seo beidh BBQ teaghlaigh ar siúl amuigh ar an tsráid sa Bhoth agus beidh ceolchoirm amuigh faoin aer le Jack Warnock agus Moya Sweeney i mbun ceoil trí mheán na Gaeilge agus go leor ceoltóirí áitiúla eile a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Chomh maith leis sin, beidh preabchaisleáin, péinteáil aghaidheanna agus go leor cluichí eile ann do pháistí óga. Tá fáilte roimh dhaoine picnic a thabhairt leo agus tá an t-imeacht seo go hiomlán saor in aisce.
Read 79 times
Rate this item
(0 votes)