Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

John Spillane & 125 Bliain na Gaeilge Mar cheiliúradh ar 125 Bliain na Gaeilge de Chonradh na Gaeilge cuirfear Fáilte roimh John Spillane san Ionad Ealaíne ar an Aoine, 11 Bealtaine, ar 8:00pm. 1893 a cuireadh tús le Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a athbheochaintsa tír. Bhí baint nach beag ag Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann leis leis an mnunú agus tá áthas orainn go dtugann an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn an-tacaíocht don Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

Is ó Chorcaigh John Spilliane , ælár an domhain” mar a thugann sé féin ar Chorcaigh, agus dar ndóigh bhí an-thionchair ag an gcathair agus contae sin air. Deir daoine go bhfuil cuid den “sean-nós” ina amhránaíocht lena ghuth díograiseach, ionraic agus mothálach. Is amhranaí agus ceoltóir é John a bhfuil cuid den bhrionglóidíocht den fhilíocht agus den seanchaíocht “sna hamhráin aige. Thaifead Christy Moore, Karen Casey, Sharon Shannon

, Sean Keane, agus amhránaithe eile amhráin leis. Chuir na Gaeil aithne ar John nuair a bronnadh gradain air féin agus ar an Dr Louis de Paor don “Gaelic Hit Factory” agus ina dhiaidh sin nuair a d’eisigh sé “Irish Songs we learned at school”. Bíonn sé le feiceáil ar chláracha teilifíse go minic. Beidh Ceolfhoireann na Gaelscoile ag seint ar an oíche .

Tá an-chuid duaiseanna agus Gradam Walton’s faighte acu as feabhas a gcuid ceoil. Táimid ag súil go mór le bhéith ag éisteacht leo san Ionad Ealaíne. Dáta don Dialann: Ceiliúradh 125 Bliain na Gaeilge Dé hAoine, le John Spillane agus Ceolfhoireann na Gaelscoile ar an 11 Bealtaine, ag 8:00pm san Ionad Ealaíne, Halla an Bhaile, An tAonach.

 

Read 228 times
Rate this item
(0 votes)