Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

125 Bliain ag Fás?

An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge

Dé hAoine, 15 Meitheamh, Aula Maxima,

OÉ Gaillimh, 9.30am - 4.30pm

Tá siompóisiam lae á reáchtáil ag Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, ag Roinn na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge ar 125 bliain den Athbheochan agus ar an gConradh féin. Is í seo príomhócáid na hOllscoile mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

In 2017, d'fhógair an Conradh go raibh a cartlann luachmhar á cur i dtaisce aici go buan san Ollscoil agus le déanaí, ceapadh cartlannaí chun tús a chur leis an obair is gá a dhéanamh chun an bailiúchán luachmhar seo a chur ar fáil don phobal.

Ag an siompóisiam seo, labhróidh saineolaithe ar an nGaeilge, ar an stair agus ar an gcartlannaíocht faoin taighde atá ar bun acu faoin téama seo agus tarraingeoidh siad aird ar na deiseanna iontacha taighde a chuirfidh cartlann an Chonartha ar fáil.

CLÁRAIGH ANSEO

Níl aon chostas ar an siompóisiam lae ach iarrtar ort clárú roimh 8 Meitheamh trí scríobh chuig cnag@oegaillimh.ie - beidh lón, tae/caife agus fáiltiú fíona san áireamh. Cuir in iúl, le do thoil, má tá riachtanas cothaithe ar bith agat.

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a thabharfaidh príomhaitheasc an lae.

Cainteoirí eile:

Féach ar an gclár anseo.

Tá léarscáil den champas ar fail anseo.

Beidh páirceáil ar fail do chuairteoirí sna spásanna 'Ióc agus Taispeáin' a léirítear mar 'P' ar an léarscáil páirceála seo.   

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ócáid, déan teagmháil le: cnag@oegaillimh.ie

 

Read 270 times
Rate this item
(0 votes)