Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beidh na mílte Gael fud fad na cruinne ag glacadh páirte i bhfeachtas idirnáisiúnta an tseachtain seo mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Is í aidhm #TrasnaNadTonnta ná na Gaeil fud fad an domhain a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar Twitter. Is iad na grúpaí oideachais ICUF agus Fulbright a chuir tús leis i mí Bealtaine anuraidh agus tá Bliain na Gaeilge lán sásta tacú leo i mbliana.

Cuireadh tús leis ar Luan 22 Eanáir agus cheana féin seoladh os cionn 1,700 tvuít ó níos mó ná 35 tír. Beidh an feachtas ag leanúint ar aghaidh go dtí an Aoine 26 Eanáir, agus táthar ag súil le Gaeil ar fud na cruinne a bheith ag tvuíteáil as Gaeilge ó ar a laghad 50 tír, agus iad ag baint úsáid as na haischlibeanna #TrasnaNadTonnta agus #Gaeilge2018.

Is é cuspóir an fheachtais seo ná glantosaitheoirí agus lucht na líofachta i bhfad is i gcéin a spreagadh chun a gcúpla focal Gaeilge a úsáid is a cheiliúradh ar Twitter don tseachtain. Bhí an-tóir ar an bhfeachtas ina chéad bhliain le 3 mhilliún imprisean ar Twitter agus os cionn 13,000 cuairteoir ar an bpróifíl le linn an fheachtais. Dá bharr sin, i mbliana tá Rialtas na hÉireann ag tacú leis mar chuid den Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge - ba é an Taoiseach Leo Varadkar a sheol ceann de na chéad tvuíteanna faoin bhfeachtas ar maidin.

Tá os cionn 70 ambasadóir socraithe ó thíortha eágsúla le páirt a ghlacadh san fheachtas, ó Ghlascú na hAlban go Cairo na hÉigipte

 

Arsa Ian Mac Gabhann, scoláire ICUF, St Thomas University, Frederickton, Ceanada:

“Is breá liom mo chuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta agus táim ag súil go mór le bheith páirteach i dTrasna na dTonnta. Ghlac mé páirt anuraidh mar ambasadóir chomh maith agus i mbliana táim ag súil go mór le bheith i gceannas ar an gcuntas @ireland don tseachtain.”

Mar chuid den fheachtas reáchtálfar comórtas grianghrafadóireachta ar Twitter don tseachtain agus gheobhaidh an té a sheolann tvuít leis an bpictiúr is fearr agus leis na haischlibeanna #TrasnaNadTonnta agus #Gaeilge2018, duais ar luach €100 ó Bhliain na Gaeilge.

Arsa Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:

“Seo ceann de na chéad fheachtas de chuid Bhliain na Gaeilge agus é an-ábhartha gur feachtas ar líne atá ann. Tá beocht faoi leith ag an nGaeilge ar líne agus táimid ag súil le sin a chur chun cinn le linn na Bliana leis an haischlib #Gaeilge2018. Is féile idirnáisiúnta í Bliain na Gaeilge, agus tugann Trasna na dTonnta deis dóibh siúd atá thar sáile páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí na féile.”

Is togra nua é Trasna na dTonnta atá curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada agus atá tacaithe ag Coimisiún Fulbright agus ag Conradh na Gaeilge. Tá an feachtas maoinithe ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta, an Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada agus an Coimisiún Fulbright.

Read 324 times
Rate this item
(0 votes)