Tá scoláireacht faighte ag mórcheannródaí na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell, chun sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht ag obair ar thograí nua, forbairt áiseanna Gaeilge d’uirlisí amhail Siri agus Alexa ina measc.
Tá scoláireacht Fulbright faighte ag Scannell, a raibh baint aige le cuid de na forbairtí is mó ó thaobh na Gaeilge ar líne le tamall de bhlianta anuas, chun cónaí agus obair i gCarna i gConamara sa chéad leath de 2020. Beidh sé lonnaithe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ansin idir Eanáir agus Iúil 2020.
“Is é is aidhm do mo chuid oibre ná é a dhéanamh níos fusa do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid ar líne agus gan a bheith orthu iompú ar an mBéarla.
“San áireamh ansin tá teicneolaíocht bhunúsach amhail modhanna ionchuir do mhéarchláir, seiceálaithe gramadaí agus litrithe, foclóirí ar líne, chomh maith le huirlisí níos casta amhail innill aistriúcháin agus áiseanna gutha, cosúil le Siri agus Alexa.
Dúirt Kevin Scannell go raibh athrú mór tagtha ar chúrsaí taighde sa ríomheolaíocht le deich mbliana anuas ó tháinig leithéidí an líonra néaraigh agus cur chuige na domhainfhoghlama isteach.
Dar leis go gcruthaíonn na hathruithe móra sin deacrachtaí do theangacha ar nós na Gaeilge.
“An deacracht do theangacha ar nós na Gaeilge ná go dteastaíonn an t-uafás sonraí ó na modhanna oibre nua seo má tá siad chun oibriú go maith, i bhfad níos mó [sonraí] ná mar is féidir le pobal teanga atá chomh beag sin a sholáthar.
“Is é an dúshlán is mó ó thaobh an taighde de ná teacht ar bhealaí chun tairbhe a bhaint as cuid de na buntáistí a bhaineann le réabhlóid na domhainfhoghlama d’uireasa a lán sonraí.”
Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge fáilte roimh an scéala go mbeidh an tOllamh Scannell ag teacht chun oibre ina n-ionad i gCarna.
Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair le @kscanne @SLU_Official nuair a thagainn sé go @AcadamhOEG Carna @oegaillimh @nuigalway ag tús 2020 @NUIGalwayPress https://t.co/QOxBCbQK9d
— Acadamh, OÉG (@AcadamhOEG) 12 Meitheamh 2019