Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tá Aisling Ghéar, an compántas amharclainne Gaeilge as Béal Feirste, a bhfuil neart gradaim buaite aige, chun Scoil Shamhraidh a reachtáil as Gaeilge!

Tá siad ag tairscint deise d’aisteoirí óga a bhfuil Gaeilge acu a gcuid scileanna amharclainne agus aisteoireachta a fhorbairt.

Dar le Suzanne Waring, do chuid roinn na drámaíochta i gColáiste Feirste gur mór an bhuntáiste an cúrsa a bheith déanta acu siúd ar mhaith leo dul i mbun na drámaíochta ag ard-leibhéal.

Arsa Conall MacCorraidh, atá ag obair ar an tionscnamh, ‘Seo deis íontach d’aisteoirí óga Gaelacha. Rinne mise é agus mé sé bliana d’aois. Chothaigh Aisling Ghéár gach duine a ghlac páirt. Go fiú gur fhostaigh said muid ar bhonn proifisiúnta chun camchúirt náisiúnta a dhéanamh a mhair trí seachtaine. Cén déagóir nach mbeadh thar a bheith sásta tabhairt faoina léithéad?’

An Cultúrlann ionad an chúrsa ó 23 Iúil – 5 Lúnasa. 10rn -3in Luan –Aoine

Táille : £40   

Bí i dteagmháil le brid@aislingghear, nó ar shuíomh Aisling Ghéar anseo

Read 162 times
Rate this item
(0 votes)