Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Mar chuid de Sheachtain Mhá Nuad, ceiliúradh ar eispéireas Ollscoil Mhá Nuad agus í 20 bliain ar an bhfód, cuireadh ‘Pop-up Oireachtas’ ar siúl ar an 19.4.18.

Seoladh dírbheathaisnéis Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí ag tús na hócáide. Leabhar dátheangach é seo, Rí Thoraí – Ó Chathair go Creig/ The King of Tory – From City to Crag. Thug An Dr Art Hughes (Ollscoil Uladh), a chuir an leabhar in eagar agus a d’aistrigh, píosa cainte spreagúil faoin saothar.

Cuireadh sraith de cheardlanna gearra ar fáil i ndiaidh an tseolta – seisiún scéalaíochta le Seanán Mac Aoidh (Ollscoil Uladh) chomh maith le ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Sailí Ní Dhroighneáin (Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad)

Bhain mic léinn idirnáisiúnta ón Ollscoil triail as cúpla steip ag an gceardlann rince ar an sean-nós le Caoimhe Ní Mhaolagáin.

Read 152 times
Rate this item
(0 votes)