Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tá eispéireas nua ite i ndán do mhuintir Chathair Chorcaí an samhradh seo nuair a osclóidh Diarmuid Ó Mathúna caifé nua in ionad Ghael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin. Is é Pota an t-ainm a bheidh ar an bpreabchaifé seo, a osclófar go hoifigiúil ar an 15 Meitheamh agus a bheidh á reáchtáil ar feadh míosa.

Idir tagines agus churaithe, stobhaigh agus anraithí, potaí teo a bheidh mar phríomhrogha sa chaifé nua seo. Tarraingeofar ar stíleanna cócaireachta go leor tíortha agus cultúr éagsúil, ach bainfear úsáid as cómhábhair shéasúracha áitiúla leis sin a dhéanamh. Beidh caife maith, tae agus earraí úra bácáilte ar fáil freisin.

“I ngach cultúr dúchasach ar fud na cruinne feictear cineálacha éagsúla potaí teo,” arsa Diarmuid. “Bíonn na miasa seo ag cócaráil leo go mall ar thinte agus ar shoirn, blasanna áille á bhforbairt iontu, agus os a gcomhair bíonn daoine ag labhairt lena chéile ina gcuid teangacha dúchais féin. Leis an gcaifé seo, Pota, táimse ag iarraidh an rud céanna a chruthú.”

Le déanaí bhí Diarmuid ag obair mar chócaire in House Café sa Cork Opera House agus in O'Mahony's of Watergrasshill, beár agus bialann nua i dtuaisceart an chontae. Is é seo an chéad uair dó caifé dá chuid féin a chur ar bun, áfach, agus tá sé ag súil leis an gcéim nua seo.

Reáchtálfar an caifé nua seo trí mheán na Gaeilge ach beidh fáilte mhór freisin rompu siúd nach bhfuil ach beagán Gaeilge acu. Cuirfear acmhainní agus tacaíocht ar fáil do gach duine, agus tá súil ag Diarmuid go gcuirfidh sé sin (mar aon leis an atmaisféar dearfach) ar chumas gach duine taitneamh a bhaint as an spás agus go mbainfidh siad úsáid as pé Gaeilge atá acu.

Le linn thréimhse an phreabchaifé reáchtálfar imeachtaí éagsúla cultúrtha sa spás, idir imeachtaí filíochta, imeachtaí ceoil agus imeachtaí scéalaíochta. Cuirfear gach eolas fúthu siúd ar fáil trí na meáin shóisialta go luath.

Tá Gael-Taca lonnaithe ar Phort Uí Shúilleabháin le fada an lá, agus iad ag treabhadh an ghoirt ar son na nGael sa chathair leis na blianta. Seo céim eile chun tosaigh dóibh agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo bríomhar san fhíor-phríomhchathair.

Ón 15 Meitheamh ar aghaidh beidh Pota ar oscailt ó Mháirt go Satharn, idir 10.00am agus 4.00pm.

Ríomhphost: potacafe@gmail.com

FB: facebook.com/potacafe

IG: @potacafe

 

 

 

 

 

Read 251 times
Rate this item
(0 votes)