Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Painéal Lucht Féachana ⁊ Éisteachta le TG4 ⁊ RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tionscnamh é Fios Físe a bhfuil sé mar aidhm aige tuairimí phobal labhartha na Gaeilge faoi TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhiosrú. Tá Gaeilgeoirí á lorg a bheadh sásta suirbhé beag cúpla nóiméad faoi sceidil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a líonadh. Is féidir an suirbhé a líonadh ar do ríomhaire, ar d’fhón póca, iPad etc. Ní gá go mbreathnaíonn tú ar TG4, nó go n-éisteann tú le Raidió na Gaeltachta, go rialta, le páirt a ghlacadh i Fios Físe.

Tá sé dírithe ar phobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Scaiptear an suirbhé uair sa tseachtain.

 Mar chomhartha aitheantais do na baill a líonann an dialann go rialta reáchtáltar crannchur gach mí. Bíonn duaiseanna breátha ar fáil... 6 Dhearbhán One4all ar luach €100 - €500 le buachan gach mí.

Is maith is fiú bualadh faoi mar sin!

Is féidir breathnú ar cheistneoir samplach ag an nasc seo

 

Cláraigh ag: http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp

Tuilleadh eolais: www.fiosfise.ie

Facebook: https://www.facebook.com/fiosfise/

 

Read 146 times
Rate this item
(0 votes)