Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó



________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Seán Ó Briain, Feidhmeannach Feachtais
12 Páirc na Tuaithe, Dún Garbhán, Co. Port Láirge
Dáta breithe: 21 Bealtaine 1993
Uimhir theagmhála: 0871132444 Ríomhphost: sean@post.ie 
LinkedIn: Seanobriain.Linkedin.com

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________

GEARRBHEATHAISNÉIS

Seán Ó Briain is ainm dom agus tá an-spéis agam i gcúrsaí Gaeilge, i measc mo shuimeanna eile. D’fhreastal mé ar Ollscoil Mhá Nuad, áit a rinne mé staidéar ar an nGaeilge agus ar an tíreolas. Is duine an-tiománta mé agus táim thar a bheith díograsach. Nuair a thugtar deis dom, déanaim gach iarracht í a thapú. Ba bhreá liom a bheith ag obair leis an nGaeilge go fadtéarmach mar is breá liom a bheith idirghníomhach léi agus í a spreagadh sa phobal. Bhí mé an-ghníomhach ar an ollscoil leis an gCumann Gaelach mar aon leis an gClub Snámha agus bhí mé i m’uachtárán ar an gCumann 2009-2010. Chabhraigh sé seo liom taithí cheart a fháil ag obair i ngrúpaí ar ábhair a bhfuil an-spéis agam iontu.
Chaith mé seal ag obair mar mhúinteoir agus mar theagascóir, ag obair le grúpaí agus le haoisgrúpaí éagsúla. Bhí sé mar sprioc agam i gcónaí a bheith ag obair leis an nGaeilge. Tá an-spéis agam i gcur chun cinn na teanga agus ceapaim go mbeidh mé in ann cur le cibé foireann a bhfuilim mar cuid di.

TAITHÍ OIBRE

Múinteoir Gaeilge, Coláiste na Rí, Dún Garbhán (2012 - 2016)

  • Ag múineadh na Gaeilge agus tíreolais
  • Ag múineadh spóirt: peil agus iomáint
  • Ag eagrú turas agus imeachtaí scoile

Teagascóir Gaeilge, Ollscoil Éireann Gaillimh, Gaillimh (2017 - 2018)

  • Ag teagasc na Gaeilge do mhic léinn bunchéime
  • Ag tacú le múineadh na n-ábhar Ceilteach san ollscoil
  • Ag déanamh feighlíochta ar mhic léinn i mbun scrúduithe

Feidhmeannach Feachtais, Gaelfhís, Baile Átha Cliath (Feabh 2018 - Anois)

  • Ag reachtáil feachtas ar son chun chun cinn na Gaeilge
  • Ag láimhseáil cuntais dhigiteacha na heagraíochta - Facebook, Twitter, Instagram

GRADAIM

2015: D'éirigh liom duais do Mhúinteoir na Bliana a bhaint amach, comórtas a reáchtáladh i measc na foirne sa scoil
2018: Bhuaigh Gaelfhís comórtas a bhain le húsáid na meán sóisilata as Gaeilge nuair a bhí na cuntais faoi mo stiúir.

SCILEANNA LUACHMHARA

  • Taithí ar na cláir ríomhaireachta seo a leanas: Wordpress, Microsoft Office (Word, Excel, PowerPoint), Mailchimp, Google Analytics, Google Drive, Facebook (Gnó), Twitter (Gnó), Instagram (Gnó) agus LinkedIn (Gnó)
  • Taithí ar chúram agus cosaint leanaí
  • Taithí ar chraoladh agus léiriú raidió

OILIÚINT

 M.A. san Oideachas
 An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
 Meán F. 2011 - Beal 2012
 B.A. (Onórach) Nua-Ghaeilge & Tíreolas (2.1)
 Ollscoil Éireann Gaillimh 
 Meán F. 2007 - Beal 2010
 Teastas Eorpach Gaeilge Leibhéal: C1  Márta 2017
 Ardteist: Scoil na Trá, Dún Garbhán  Meán F. 2001 - Beal 2006



 

 

 

 

 
TEANGACHA

Gaeilge – Líofa (TEG C1)
Fraincís – Cumasach (B1)

RÉIMSÍ SPÉISE

Teanga na Gaeilge
An Mhúinteoireacht
Cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta
Cúrsaí spóirt
Cúrsaí polaitíochta

Teistiméireachtaí le fáil ar iarratas