Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aiste: Bliain na Gaeilge 2018

Cuireadh tús le Bliain na Gaeilge ag tús na bliana seo, ceiliúradh ar áilleacht, tábhacht agus saibhreas na Gaeilge. Cuirfear béim mhór ar oidhreacht na teanga, ag aithint na bhfadhbanna a bhfuil fós le réiteach léi: meath na nGaeltachtaí, an meon diúltach ina leith sa dioschúrsa poiblí agus an coimhlint leanúnach ar mhaithe leis an nGaeilge a úsáid mar phríomhtheanga chumarsáide ar bhonn laethúil.

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 125 bliain ó shin nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge. Ba é Dubhghlas de hÍde ceann de na bunaitheoirí, an chéad Uachtarán ar Éirinn blianta ina dhiaidh sin. Ba í príomhsprioc an Chonartha ná teanga ársa na Gaeilge a athbheochan trí ghníomhú a dhéanamh i roinnt réimsí den saol: tríd an gcóras oideachais, trí stocaireacht agus trí bhéim a chur ar chultúr saibhir na nGael agus na Gaeilge i sochaí an lae sin trí chéile. Táthar idir dhá chomhairle sa lá atá inniu ann faoi thionchar fadtéarmach na modhanna seo, agus is léir gur éirigh leo sprioc na hathbheochana a bhaint amach i roinnt bealaí éagsúla.

Agus Bliain na Gaeilge linn i mbliana, ba chóir go n-aithnímís an ról lárnach a bhí ag athbheochan na Gaeilge i bunú Shaorstát Éireann, agus ar ndóigh Poblacht na hÉireann blianta ina dhiaidh sin. Chuir sí i gcuimhne dúinn uilig go raibh buanna agus oidhreacht faoi leith againn mar Ghaeil agus go raibh tábhacht ag baint le caomhnú ár gcultúir ó thionchar Shasana.

Le linn Bhliain na Gaeilge, tá réimse leathan imeachtaí ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar thús athbheochan na Gaeilge, dírithe ar óg agus aosta araon. Baineann cuid mhaith de na himeachtaí le stair agus cultúr na Gaeilge, go háirithe le stádas na teanga roimh an athbheochan agus lena linn.

Cé gurb í athbheochan na Gaeilge príomhaidhm na gluaiseachta cuireadh béim mhór ar chúrsaí a bhain le cultúr na hÉireann trí chéile: ceol, damhsa agus amhránaíocht cuir i gcás. D’aithin bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge go raibh níos mó i gceist lenar gcultúr ná díreach an teanga, agus rinneadh tréaniarracht saibhreas oidhreacht na nGael a chraobhscaoileadh 125 bliain ó shin.

Bhain cuid mhór de chur chuige na n-athbheochanóirí le stoctaireacht mar atá luaite agam cheana, agus le hagóidíocht ar son na Gaeilge. Ar bhonn bliantúil bhíodh sé de nós acu léirsiú a dhéanamh trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ar mhaithe le haitheantas a fháil ón rialtas agus ón mórphobal trí chéile gurb ann dóibh, agus go raibh tábhacht ar leith ag baint le bheith Gaelach agus le bheith in ann teanga dhúcháis na tíre a labhairt.

Ag baint úsáid as dea-eiseamláir na ndaoine 125 bliain ó shin, rinneadh aithris ar an gcineál sin gluaiseachta do Bhliain na Gaeilge i mbliana le BEO Gaelach & Bróduil. Ba é BEO príomhimeacht na bliana, paráid mhór tríd an ardchathair le léiriú go bhfuil teanga, cultúr agus muintir na Gaeilge beo beathach agus bríomhar. D’éirigh go hiontach leis an lá é fhéin, le níos mó ná 7,000 duine ag freastal air, ag éisteacht le hóráid an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn. Labhair an t-Uachtarán go paiseanta faoina ról féin i gcaomhnú na Gaeilge agus faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh. Mhol sé an obair atá idir láimhe ag eagraíochtaí Gaeilge sa tír, ach é sin ráite d’iarr sé ar na daoine a bhí i láthair spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil suim acu sa teanga iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim arís.

Tugann Bliain na Gaeilge an deis dúinn breathnú ar an nGaeilge trí shúile úra, agus ba chóir dúinn uilig an deis sin a thapú. Is í ár dteanga í, bímís bródúil aisti sa bhliain thábhachtach seo i stair ár dtíre. Beatha teanga í a labhairt, a deirtear. Labhair í agus mairfidh sí. Mairfidh sí go deo.