Is buntáiste luachmhar í an Ghaeilge agus tú ag lorg fostaíochta anseo in Éirinn nó níos faide i gcéin. Is iomaí deis atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí, le comhlachtaí ghnó agus riaracháin, san earnáil an chultúir, sna meáin agus iriseoireacht, san aistriúchán agus ateangaireacht agus sa chóras oideachais.

An tSeirbhís Phoiblí
Tá os cionn 300,000 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís i bPoblacht na hÉireann. Bhíodh meas i gcónaí ar chumas Gaeilge san earnáil phoiblí agus tá go leor post dá dteastaíonn líofacht sa Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, sa roinn sláinte agus sa roinn oideachais.
Acmhainní
Achmhainní
Achmhainní
An Chomhairle EalaíonComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
Colmcille – cur chun cinn úsáid na dteangacha Gaelacha idir Éire agus Albain
An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
Cumann na gCartlannaithe (An Ríocht Aontaithe agus Éire)
Achmhainní
Na Meáin Chlóite
An Earnáil Phríobháideach
Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas, fuair os cionn 60 faoin gcéad de mhic léinn Phoblacht na hÉireann a bhain céim baitsiléara onóracha amach in 2006 fostaíocht san earnáil phríobháideach ar dtús. Is margadh ionchasach suntasach é pobal na Gaeilge, daoine aonair chomh maith le heagraíochtaí, do na hearraí agus na seirbhísí seo. Tá go leor cuideachtaí tosaithe ag díriú ar an margadh seo agus ag tairiscint a gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge, chun sochar a bhaint as an deis seo. Mar an gcéanna le forbairt gairme in aon earnáil eile, bíonn dul chun cinn bunaithe ar fheidhmíocht, agus, sna cuideachtaí níos mó go háirithe, an cumas seasamh amach sa slua.
Earnáil an Chultúir
Is cuid bhríomhar de shaol sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann í earnáil an chultúir. Cé go n-oibríonn roinnt céimithe mar chleachtóirí ealaíon, tá deiseanna ann freisin d’fhoireann theicniúil, oideachais agus riaracháin taobh istigh d’eagraíochtaí tacaíochta.

Na Meáin Chumarsáide
Is buntáiste í an Ghaeilge dóibh siúd ag obair leis na meáin chlóite, na meáin chraolta agus na meáin dhigiteacha. Bealach iontach chun dul i gcion ar fhostóirí ionchasacha sa réimse seo is ea a léiriú dóibh go bhfuil suim agat sna meáin trí obair a dhéanamh le stáisiúin raidió phobail nó dheonacha cosúil le Raidió na Life agus Raidió Fáilte.



