Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Folúntais Reatha do Phoist le Gaeilge


Seo thíos folúntais do phostanna ina bhfuil an Ghaeilge ina riachtanas nó buntáiste. Tá réimse leathan de dheiseanna ar fáil gach lá, ó phoist mhúinteoireachta go folúntais san earnáil phríobháideach. Fógraímid poist in Éirinn agus ar fud fad an domhain. Déantar nuashonrú ar an mbunachar seo gach lá. 

Tá treoracha ag bun an leathanaigh dóibh siúd atá ag iarraidh poist a fhógairt linn, chomh maith le comhairle dóibh siúd atá ag lorg poist le Gaeilge. 

 

Teideal an Phoist Curtha in Airde Spriocdháta Cur síos ar an bpost Tuilleadh Eolais

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta
agus painéal ar leibhéal Oifigeach Fheidhmiúcháin

25 Deireadh Fómhair 9 Samhain

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg duine le bheith mar Fheidhmeannach Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta chun obair ar an bhféile Ghaeilge bhliantúil is mó ar domhan agus chun tacú leis na feachtais feasachta eagraithe ag Conradh na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an gConradh painéal a chur le chéile do dhaoine a bheadh sásúil do dheiseanna eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Fheidhmiúcháin amach anseo.

Seachtain na Gaeilge

Oifigeach Cléireachais (Buan)

1 Samhain 21 Samhain

Post buan mar Oifigeach Cléireachais le Clár na Leabhar Gaeilge.

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Ráth Chairn, Co na Mí.

Foras na Gaeilge

Oifigeach Feidhmiúcháin (Sealadach)

25 Deireadh Fómhair 16 Samhain

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, ceapachán sealadach d'Oifigeach Feidhmiúcháin a dhéanamh.

Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

Foras na Gaeilge

Eagarthóir Cúnta (Sealadach)

25 Deireadh Fómhair 15 Samhain

Déanfar ceapachán sealadach amháin anois agus cuirfear painéal le chéile óna
líonfar folúntais shealadacha ag an ngrád seo as seo go ceann bliana, ach acmhainn a bheith ann chuige sin.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €32,045 go €60,604 (pro rata)

Foras na Gaeilge 

Oifigeach Forbartha Óige - Laighean & Connacht (Dhá phost)

1 Samhain 11 Samhain

Tá Ógras – Ógeagraíocht Chonradh na Gaeilge - ag lorg beirt Oifigigh Forbarta Óige -  Duine do cheantar Chúige Laighean agus an duine eile le bheith lonnaithe i gCúige gChonnacht.

Táimid ag lorg daoine fuinniúla, féin-spreagtha le tuiscint mhaith ar obair óige.

Ógras

Bainisteoir Forbartha Áras na nGael

31 Deireadh Fómhair 10 Samhain

Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht laethúil agus clár forbartha Áras na nGael móide clár timireachta a  fheidhmiú i gContae na Gaillimhe.

Is post dúshlánach, ilghnéitheach é seo a fheilfidh do dhuine cumasach, fuinniúil atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge.

Áras na nGael

Léiritheoir Cúnta/Taighdeoir

16 Deireadh Fómhair 3 Samhain

Tá Meangadh Fíbín ag lorg iarratais ó dhaoine le suim i gcláir do dhaoine óga, a bhfuil bliain amháin ar a laghad taithí acu i léiriúcháin teilifíse chun post mar léiritheoir cúnta/taighdeoir a líonadh.

Táthar  ag lorg duine a bhfuil suim ar leith acu i gcláir do dhaoine óga agus a bhfuil suim acu oibriú le foireann fhuinniúil agus atá sásta tabhairt faoi réimse leathan oibre a bhíonn ag baint le gnó

Meangadh Fíbín

Tréimhse Taithí Oibre i Léiriúchán Teilifíse 

17 Deireadh Fómhair 3 Samhain

Tá Meangadh Fíbín ag lorg suime ó mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus atá i mbun staidéir ar chúrsaí sna Meáin/Cumarsáid/Gaeilge chun tréimhse taithí oibre a dhéanamh mar Thaighdeoir ar chláir teilifíse do dhaoine óga mar chuid dá gcúrsa triú leibhéal.

Déanfar forbairt ar scileanna an mhic léinn faoi threoir na foirne reatha le linn a dtréimhse oibre.

Meangadh Fíbín

Cúntóir le Parlaimint na hEorpa

5 Deireadh Fómhair 31 Deireadh Fómhair

Cúntóir a bhfuil Gaeilge aige/aici (bainisteoir comhad parlaiminteach), Parlaimint na
hEorpa, an tAonad um Cháilíocht Reachtaíochta A, an Bhruiséil.

Is mian linn cúntóir a bhfuil Gaeilge aige/aici a earcú mar ghníomhaire sealadach agus tá gairm ar léiriú spéise ó iarrthóirí oiriúnacha á heagrú againn anois.

Parlaimint na hEorpa

Feighlí Linbh

16 Deireadh Fómhair  

Ba mhór againn duine gealgháireach, freagrach a aimsiú mar fheighlí leanaí ó thús na bliana nua. Bheadh aire le tabhairt do bheirt pháistí i gceantar Chluain Sceach/Chnoc Mhuirfean ó 8am chuig 6pm Luan go hAoine.

Tuilleadh eolais: Aisling ag 087 9746562 nó nileidha@tcd.ie.

nileidha@tcd.ie

Dlítheangeolaí le Cúirt Bhreithiúnais an AE

6 Deireadh Fómhair  

Tá beirt dlítheangeolaithe le Gaeilge á lorg ag Cúirt Bhreithiúnais an AE.

Beidh sárchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa ag an té a cheapfar.

Cúirt Bhreithiúnais an AE

Láithreoir Raidió

15 Meán Fómhair  

An bhfuil spéis agat bheith i do láithreoir raidió? Seol ríomhphost chuig eolas@rnat.ie - traenáil saor in aisce agus deiseanna iontacha ar fáil!

Raidió na dTreabh
Oibrí Óige 1 Meán Fómhair  
Tá Oibrí Óige á lorg ag club spraoi Granemore le hobair a dhéanamh dhá uair in aghaidh na seachtaine thar 20 seachtain. Tá deiseanna fostaíochta eile leis seo, tríd scéim an tsamhraidh agus imeachtaí Gaelacha eile. Seol ríomhphost go club.spraoi.granemore@gmail.com 
club.spraoi.granemore@gmail.com
Múinteoir Gaeilge 29 Lúnasa  
Tá múinteoir spreagúil á lorg ag Na Gaeil Óga, foireann peile lán-Gaelach i Leamhcán, Baile Átha Cliath, le ranganna Gaeilge a mhúineadh do thuismitheoirí ár bhfoirne faoi aois don tréimhse idir Meán Fómhair agus Mí na Nollag. Gach eolas ar fáil ó cumannclg@gmail.com
cumannclg@gmail.com 
 Stiúrthóir agus Rúnaí 11 Lúnasa  

Tá 2 fholúntas i gCill an Árdáin, BÁC 24.

1. Tá Stiúrthóir AIM ag teastáil ó Naíonra Chaitlín Maude. 15/20 uair, 38 seachtain agus laethanta saoire €11.25 san uair. Is gá go mbeadh cáilíocht CDBO leibhéal 5 agat agus suim sa Ghaeilge.

2. Runaí don oifig 15 uair, 38 seachtain agus laethana saoire, €11.25 san uair. Taithí ar obair oifige agus suim sa Ghaeilge ag teastáil. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi na postanna seo is féidir dul i dteagmháil le hAisling 087 2283276, nó ar ríomhphost chuignaionra.cm@gmail.com 

chuignaionra.cm@gmail.com

Dlítheangolaí

1 Meitheamh Fós ar fáil 

Fostófar beirt dhlítheangeolaithe le Gaeilge ar chonarthaí sealadacha (c. 2 bhliain) agus reáchtálfar agallaimh chun na folúntais shealadacha sin a líonadh sna seachtainí beaga amach romhainn. Cuir CV agus litir chlúdaigh (i mBéarla agus i nGaeilge) chuig an gCeann Aonaid, Peter Vavrik (peter.vavrik@europarl.europa.eu)

michelle.ryan@europarl.europa.eu

Láithreoir Raidió

Bealtaine  Fós ar fáil

Tá Raidió Rí-Rá (http://rrr.ie) sa tóir ar láithreoirí nua do sceideal an Fhómhar!
Más spéis leat taithí a fháil ag obair le staisiún raidió trí mheán na Gaeilge, seol ríomhphost ag rira@cnag.ie

rira@cnag.ie

Cúntóirí scoile

   
Tá cúntóirí scoile (ag obair lasmuigh de na huaireanta scoile) de dhíth ó Ghlór na nGael Bhaile Munna. Níl aon taithí de dhíth. Más as Baile Munna duit, is féidir cur isteach ar an bpost má tá tú 20 bliain d'aois. Más as áit éigin eile don té a chuireann isteach ar an bpost, caithfear a bheith ar a laghad 21. Ráta pá: €215.50 in aghaidh na seachtaine, 19 n-uaire oibre. Más spéis leat cur isteach ar an bpost, seol ríomhphost go pobalgael@yahoo.ie 
pobalgael@yahoo.ie
Múinteoir Gaeilge    

Tá múinteoirí Gaeilge ag teastáil chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Institiúidí Eorpacha sa Bhruiséal. Beidh an deis ag na Múinteoirí seo an Ghaeilge a mhúineadh in institiúidí, órgáin, agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

CLL Language Centres

 

Conas post a fhógairt:

  • Is féidir fógra poist a chur in airde ar an leathanach seo saor in aisce, trí theagmháil a dhéanamh linn ag peig@cnag.ie.
  • Táimid lán-sásta poist in earnáil na Gaeilge a chur chun cinn anseo agus ar na meáin shóisialta éagsúla, ionas go mbeadh fostóirí in ann an méid is mó fógraíochta a fháil.
  • Moltar cur síos an phoist a chur chugainn i bhfoirm PDF, nó nasc don leathanach gréasáin ábhartha a chur ar fáil. 
  • Bí cinnte go luann tú spriocdháta an iarratais. Mura bhfuil spriocdháta luaite leis, cuirfear an fógra leis an suíomh ach bainfear arís é trí seachaine i ndiaidh.

    *Mura luaitear spriocdháta leis an bhfolúntas, cuirfear in airde é ar feadh 30 lá, agus théis 30 lá déanfar teagmháil leat le fiorsú an bhfuil an folúntas fós ar fáíl*

Conas post le Gaeilge a fháil: 

Tá leabhrán cuimhsitheach curtha le chéile ag Foras na Gaeilge agus GradIreland darb ainm Do Ghairm Le Gaeilge. Foghlaim conas CV a chur le chéile as Gaeilge nó léigh faoi na réimsí oibre éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge mar bhuntáiste. Ar fáil anseo.

Cuirimid fáilte roimh an bpobal eolas a chur chugainn faoi phost ar bith gur chóir dúinn a bheith ar an eolas faoi. 

Conas post a fhógairt:

  • Is féidir fógra poist a chur in airde ar an leathanach seo saor in aisce, trí theagmháil a dhéanamh linn ag peig@cnag.ie.
  • Táimid lán-sásta poist in earnáil na Gaeilge a chur chun cinn anseo agus ar na meáin shóisialta éagsúla, ionas go mbeadh fostóirí in ann an méid is mó fógraíochta a fháil.
  • Moltar cur síos an phoist a chur chugainn i bhfoirm PDF, nó nasc don leathanach gréasáin ábhartha a chur ar fáil. 
  • Bí cinnte go luann tú spriocdháta an iarratais. 

Conas post le Gaeilge a fháil: 

Tá leabhrán cuimhsitheach curtha le chéile ag Foras na Gaeilge agus GradIreland darb ainm Do Ghairm Le Gaeilge. Foghlaim conas CV a chur le chéile as Gaeilge nó léigh faoi na réimsí oibre éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge mar bhuntáiste. Ar fáil anseo.

Cuirimid fáilte roimh an bpobal eolas a chur chugainn faoi phost ar bith gur chóir dúinn a bheith ar an eolas faoi.