Is éard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa lá) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra. Cuirtear béim faoi leith ar fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, shóisialta, mhothúchánach agus teanga an pháiste. Déantar é seo trí mheán an spraoi agus na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, spreagúil agus tacúil.
Tá eagraíocht na Naíonraí Gaelacha ann chun gréasán de naíonraí a bhunú ar fud na tíre, chun comhordú a dhéanamh ar ghnóthaí na Naíonraí Gaelacha agus chun comhthuiscint an phobail a lorg ar aidhmeanna agus ar mhodhanna na Naíonraí Gaelacha. Is í Gráinne Uí Mhaolagáin atá mar Chathaoirleach na heagraíochta. Is féidir Naíonraí Gaelacha a aimsiú ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chuig naionraigaelacha@gmail.com Tá suíomhanna na naíonraí le feiceáil ar an léarscáil seo.Cá bhfuil an Naíonra is cóngaraí dom?
Na Naíonraí Gaelacha
Cad é Gaelscoileanna Teo?
Cad é Altram?
Oibríonn Altram go dlúth le naíscoileanna atá ann agus le naíscoileanna atá ag teacht chun cinn.



