Eolas thuasluaite curtha le chéile ag Gaelscoileanna Teo, atá sé mar aidhm acu gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre mar aon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú.
Céard is Gaelscoil ann?
Feidhmíonn scoil lán-Ghaeilge faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Go minic, tugtar Gaelscoil ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Roghnaíonn tuismitheoirí scoilíocht lán-Ghaeilge de bharr roinnt cúiseanna:Cén fáth go roghnóinn an Gaeloideachas do mo pháiste?
Tá léarscáileanna déanta amach ag Gaelscoileanna Teoranta agus ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag léiriú Gaelscoileanna ar fud fad na tíre.Cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dom?
Tá 180 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht le 35,710 daltaí ag freastal orthu. Cé mhéad bunscoil lán-Ghaeilge atá ann?
Cinnte, is féidir. Is buntáiste é don dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.An féidir liom mo pháiste a chlárú le scoil lán-Ghaeilge mura bhfuil Gaeilge agam féin?
Bunaíodh Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.Céard é Gaelscoileanna Teoranta?
Is í Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an foras atá ionadaíoch thar ceann na gaelscolaíochta in Éirinn ó thuaidh. Chuir an Roinn Oideachais ar bun í sa bhliain 2000 leis an ngaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh. Ceann de na príomhchuspóirí atá ag CnaG is ea, féachaint leis an teacht atá ar an ghaelscolaíocht a leathnú amach do thuismitheoirí ar mian leo í a thapú dá bpáistí.Céard é Comhairle na Gaelscolaíochta?



