Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Gaeilge i Scoileanna Béarla

Fiú i scoileanna Béarla, is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a mhúineadh ar bhealach spéisiúil agus spreagrúil.  Tá neart bealaí spéis a spreagadh sa teanga idir cluichí, póstaeir agus comharthaí deasa, leabhair as Gaeilge a bheith ar fáil agus comhrá ginearálta agus nathanna beaga Gaeilge a úsáid le linn ranganna eile.  Bíonn go leor imeachtaí á reáchtáil go náisiúnta gur féidir le ranganna páirt a ghlacadh iontu.  Tá roinnt acu le sonrú ar an leathanach seo.

Leabhair as Gaeilge

Tá neart leabhair gálanta as Gaeilge ar fáil do dhaoine óga agus páistí.  Is féidir iad a aimsiú ar shuíomh An Siopa Leabhar nó is féidir iad a ordú ó foilsitheoirí atá lonnaithe ar fud na tíre.  Tuilleadh eolais mar gheall ar fhoilseacháin anseo.

Comhrá 24/7

Bíonn Comhrá ar siúl uair in aghaidh na bliana.  Comhrá leanúnach as Gaeilge ar feadh seachtaine a bhíonn i gceist agus bíonn sé ar fad le feiceáil ar líne.  Glacann grúpaí éagsúla ar fud an domhain páirt sa chomhrá beo seo a tharla don chéad uair i 2013 mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Is féidir tuilleadh a eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig comhra@cnag.ie nó glaoch a chur ar 01 4757401.

Seó Bóthair

Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile.  Beimid ar an mbóthar gach seachtain ag spreagadh daltaí i scoileanna fud fad na tíre. I mbliana, beidh an Seó Bóthair ag díriú go speisialta ar Chomóradh 2016. Beidh deis ag na daltaí foghlaim faoi thábhacht na Gaeilge i 1916 agus faoin mborradh atá tágtha faoin teanga ó shin. Táimid an-bhuíoch den Roinn Oideachais & Scileanna as a gcuid tacaíochta le Seó Bóthair 2016 a eagrú.  Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a aimsiú anseo.

Gaeilge 24

Dúshlán atá i nGaeilge 24 a chuireann dualgas orthu siúd atá ag glacadh páirte gan ach Gaeilge a labhairt ar feadh an lae.  Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh an Ghaeilge a úsáid ar feadh 24 uair a’ chloig; ar scoil, sa bhaile, le cairde, i siopaí, le clubanna spóirt agus eile!  Is féidir clárú nó tuilleadh eolais a aimsiú anseo.

Acmhainní Oideachasúla le hOrdú

Má tá áiseanna tacaíochta don seomra ranga de dhíth ort tá áiseanna saor in aisce ar fáil ó Fhoras na Gaeilge do scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.

Chun acmhainní a ordú:
Déan teagmháil le eolas @ forasnagaeilge.ie
Nó glaoigh ar 01 6398400