Cén áit ar féidir leat teacht orthu?
Tá Siopa Leabhar ag Conradh na Gaeilge in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, atá oscailte ó 9.30 – 17.30 Luan go hAoine agus 10.00 – 16.00 ar an Satharn.
Is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí, lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in mBéal Feirste. Osclaíonn siad ó 9:00 go 17:30 Luan go hAoine, agus ó 9:30 go 17:00 ar an Satharn.
Díolann Loveleabhargaeilge.com réimse de leabhair Ghaeilge do pháistí agus daoine fásta.
Tá An Siopa Gaeilge lonnaithe i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall. Tá Oideas Gael i bhfeighil air, grúpa atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ó 1984. Tá rogha ábhair acu atá oiriúnach don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir, i dteannta le hábhair do pháistí agus acmhainní ceoil thraidisiúnta.
Cuireann Gaelchultúr rogha leabhair ar fáil, i dteannta le dlúthdhioscaí, cártaí beannachta, t-léintí agus cluichí.
Is féile litríochta bliantúil í Imram, a bunaíodh í 2014. Tá sé mar aidhm ag an bhféile leabhair agus litríocht Ghaeilge nua-aimsire a chur chun cinn trí imeachtaí éagsúla a cothú ar fud Bhaile Átha Cliath.
Seo thíos liosta de na comhlachtaí foilsiúcháin éagsúla agus a gcuid sonraí.



