Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is buntáiste luachmhar í an Ghaeilge agus tú ag lorg fostaíochta anseo in Éirinn nó níos faide i gcéin.  Is iomaí deis atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí, le comhlachtaí ghnó agus riaracháin, san earnáil an chultúir, sna meáin agus iriseoireacht, san aistriúchán agus ateangaireacht agus sa chóras oideachais.

                                                                             
An tSeirbhís Phoiblí
Tá os cionn 300,000 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís i bPoblacht na hÉireann.  Bhí meas riamh ar chumas Gaeilge san earnáil phoiblí agus tugadh spréadh don chumas sin, agus tá go leor post dá dteastaíonn líofacht sa Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta agus i sláinte agus oideachas.